Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tá gach comórtas faoin tsamhail chomórtais a bhí ann roimhe seo curtha i gcrích ag EPSO

Foilsíodh le déanaí na painéil do ‘chomórtas an Chomhaontaithe Ghlais’, mar a thugtar air (Riarthóirí i réimse an fhuinnimh; Riarthóirí i réimse na haeráide; Riarthóirí i réimse an chomhshaoil), agus fágann sé sin go bhfuil na comórtais uile faoin tsamhail chomórtais a bhí ann roimhe seo (i.e. comórtais lena raibh ionad measúnaithe i gceist) curtha i gcrích ag EPSO anois. Is í an tsamhail nua chomórtais a leanann na comórtais atá ar siúl faoi láthair agus a leanfaidh na comórtais a bheidh ann amach anseo. Tá tuilleadh eolas mionsonraithe le fáil ina leith sin ar ár suíomh gréasáin: Samhail chomórtais níos tapúla, níos simplí agus níos inrochtana á tabhairt isteach! | EU Careers (europa.eu)

Beidh fáil ar eolas faoin tsamhail chomórtais a bhí ann roimhe seo ar ár suíomh gréasáin go dtí an 1 Meán Fómhair 2024. Scriosfar an t-eolas tar éis an dáta sin.

Dáta nuashonraithe
11/12/2024 - 18:17