
Misean

Is é príomh-mhisean EPSO riachtanais earcaíochta institiúidí an Aontais a chomhlíonadh trí iarrthóirí cumasacha a roghnú ó na comórtais ghinearálta agus na sainchomórtais a reáchtálann sé. Agus an sprioc sin á comhlíonadh aige, feidhmíonn EPSO ina cháil mar idirghabhálaí iontaofa idir institiúidí an Aontais agus gairmithe agus céimithe ardfheidhmíochta. Ar an gcaoi sin, cuidíonn sé chun an tseirbhís shibhialta Eorpach a fhorbairt, idir an tseirbhís atá ann faoi láthair agus an tseirbhís a bheidh ann amach anseo.
Ina cháil mar oifig idirinstitiúideach, is é EPSO atá freagrach as baill foirne a roghnú go príomha do Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, an tOmbudsman Eorpach agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Earcaíonn gach ceann de na hinstitiúidí sin baill foirne as measc na n-iarrthóirí a n-éiríonn leo agus a chuireann EPSO ar fáil.
Is féidir leat achoimre a fháil maidir lenár gcliaint institiúideacha ach dul chuig an leathanach seo.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi na cineálacha éagsúla institiúidí agus comhlachtaí ar cuid de státseirbhís an Aontais Eorpaigh iad trí chuairt a thabhairt ar an leathanach seo.