Institiúidí agus Comhlachtaí an Aontais Eorpaigh a n-oibríonn EPSO dóibh
Is eagraíocht dhinimiciúil ionchuimsitheach ilteangach í Parlaimint na hEorpa a chuireann réimse leathan deiseanna gairme agus forbartha ar fáil. Is í foireann na Parlaiminte a thugann de chumhacht d'Fheisirí Eorpacha a thoghtar go díreach daonlathas bríomhar na hEorpa a chinntiú. Tacaíonn an fhoireann leo ina gcuid oibre chun Eoraip atá níos síochánta, níos sábháilte, níos córa agus níos rachmasaí a bhaint amach. Tá deiseanna gairme ar fáil san iliomad rannóg i bParlaimint na hEorpa, idir dheiseanna atá nasctha le croí-obair reachtach na Parlaiminte nó deiseanna i réimsí a chinntíonn feidhmíocht rianúil na hinstitiúide. Tá ról tábhachtach, bíodh sé díreach nó indíreach, ag gach ball foirne in obair na Parlaiminte chun tairbhe shaoránaigh an Aontais, iad ag cabhrú chun an daonlathas, saoirse cainte agus cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint san Aontas agus níos faide i gcéin. Féach leathanach gréasáin nua Pharlaimint na hEorpa, ‘Oibrigh linn’ chun tuilleadh deiseanna fostaíochta atá foilsithe ag an institiúid a aimsiú.
Trí bheith ag obair d’Ardrúnaíocht na Comhairle bíonn deis ar leith agat tacú agus cuidiú le dhá cheann de mhórinstitiúidí an Aontais, an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Is iad cinn stáit agus rialtais na mBallstát ar fad atá mar bhaill den Chomhairle Eorpach a leagann síos treoir pholaitiúil fhoriomlán an Aontais agus na tosaíochtaí is tábhachtaí do thodhchaí an Aontais. Leagann sé amach clár oibre straitéiseach agus polaitiúil an Aontais ar an leibhéal polaitiúil is airde. Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a dhéanann dlíthe an Aontais a chaibidliú agus a ghlacadh, beartais na mBallstát a chomhordú, comhbheartas eachtrach agus slándála a fhorbairt, agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích. Tá deich gcinn d’fhoirmíochtaí éagsúla ann ina dtagann feisirí agus rúnaithe stáit na mBallstát ar fad le chéile, agus bíonn an fhoirmíocht áirithe ag brath ar an ábhar atá á phlé.
Is é ról an Choimisiúin Eorpaigh (CE) leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn trí reachtaíocht a mholadh agus a fhorfheidhmiú: is é brainse feidhmeannach an Aontais é, atá neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de. Tugann foireann Coimisinéirí (duine as gach tír san Aontas) ceannaireacht pholaitiúil, agus i gceannas ar an bhfoireann sin tá Uachtarán an Choimisiúin, a chinneann cé atá freagrach as na réimsí beartais ar leith. Tar éis an togra le haghaidh téacs reachtach a bheith eisithe, seoltar é chuig an gComhairle (mar ionadaí do na Ballstáit) agus chuig an bParlaimint (mar ionadaí do shaoránaigh na hEorpa) chun bheith glactha. Riarann sé buiséad an Aontais agus na cláir bheartais (i.e. talmhaíocht, iascach, taighde etc.) i gcomhar le húdaráis sna Ballstáit.
Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) údarás breithiúnach an Aontais. Is é an ról atá aige a chinntiú go léiríonn institiúidí an Aontais agus na Ballstáit meas ar dhlíthe an Aontais agus go gcuirtear na dlíthe sin i bhfeidhm ar an mbealach céanna ar fud an Aontais. Cinntíonn sé sin go bhfuil an tAontas bunaithe ar an smacht reachta, rud is gné bhunúsach de gach eintiteas daonlathach.
Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) iniúchóir seachtrach an Aontais, a cuireadh ar bun le Conradh na Bruiséile an 22 Iúil 1975 agus a chuaigh i mbun oibre i nDeireadh Fómhair 1977. Tá CIE ar cheann de sheacht n-institiúid an Aontais: tá sé lonnaithe i Lucsamburg agus tá thart ar 900 ball foirne iniúchóireachta, tacaíochta agus riaracháin fostaithe aige ó gach náisiúntacht san Aontas.
Tugann Coiste Eorpach na Réigiún ardán do réigiúin agus cathracha san Aontas. Is tionól polaitiúil é a thugann le chéile níos mó ná 300 polaiteoir áitiúil agus réigiúnach. Trí na tuairimí a chuireann siad in iúl agus an plé a dhéanann siad le hionadaithe don Choimisiún Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, cuidíonn comhaltaí an choiste cinntí an Aontais a mhúnlú.
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina fhóram ar leith le haghaidh comhairliúcháin, idirphlé agus comhdhearctha i measc ionadaithe ó gach earnáil den tsochaí shibhialta eagraithe, ina measc fostóirí, ceardchumainn agus grúpálacha ar nós comhlachais ghairmiúla agus pobail, eagraíochtaí don óige, grúpaí ban, feirmeoirí, tomhaltóirí, FBManna, feachtasóirí ar son an chomhshaoil agus go leor eile. Is é an misean atá aige ardán a thabhairt don tsochaí shibhialta eagraithe.
Is é an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí údarás neamhspleách an Aontais maidir le cosaint sonraí, a bhfuil sé de chúram air a chinntiú go léiríonn institiúidí agus comhlachtaí an Aontais meas ar an dlí um chosaint sonraí. Ina theannta sin tá siad mar chomhairleoir neamhchlaonta maidir le beartais, agus dlíthe beartaithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gceart chun príobháideachais agus chun cosaint sonraí.
Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) seirbhís taidhleoireachta an Aontais. Cuidíonn sí le ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais – Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála – Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais a chur i gcrích. Tá sí lonnaithe sa Bhruiséil ach braitheann sí ar an líonra fairsing taidhleoireachta atá ag Ballstáit an Aontais ar fud an domhain. Ar na daoine a oibríonn i SEGS tá státseirbhísigh de chuid an Aontais, taidhleoirí de chuid sheirbhísí eachtracha na mBallstát, agus baill foirne áitiúla i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
Is oifig bheag dhinimiciúil í oifig an Ombudsman Eorpaigh a chabhraíonn leis an bpobal agus iad ag plé le hinstitiúidí, comhlachtaí, agus gníomhaireachtaí an Aontais. Fiosraíonn an tOmbudsman gearáin a bhaineann le raon leathan ceisteanna éagsúla, ina measc easpa trédhearcachta ó thaobh cinnteoireachta de, diúltú do rochtain ar dhoiciméid, sáruithe ar chearta bunúsacha, agus ábhair a bhaineann le conarthaí. Ina theannta sin déanann an tOmbudsman tuarascálacha féintionscnaimh maidir le saincheisteanna córasacha, agus spreagann siad dea-chleachtais riaracháin. Thart ar 80 ball foirne atá ag an oifig, agus is é a misean riarachán níos éifeachtaí, níos freagraí, níos trédhearcaí agus níos eiticiúla a chruthú don Aontas.