Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Contract staff selection procedures always open for registration

Tá ról lárnach ag baill foirne ar conradh maidir le tacú le hobair institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

Cuidíonn siad trí chúraimí riaracháin sealadacha a dhéanamh nó forlíonann siad réimsí speisialaithe ina bhfuil gá le scileanna breise.

Eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, ar a dtugtar CAST Buan chomh maith. Is uirlis um roghnú ball foirne ar conradh é CAST, agus is é an chiall atá le ‘Buan’ gur féidir iarratas a dhéanamh am ar bith trí chóras clárúcháin leanúnaigh.

Nuair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, déanann seirbhísí earcaíochta institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais bunachar sonraí EPSO le haghaidh baill foirne ar conradh a chuardach agus cuireann siad na hiarrthóirí is fearr a oireann do riachtanais an phoist ar ghearrliosta.
Tugtar cuireadh d’iarrthóirí atá ar an ngearrliosta trialacha réasúnaíochta ar ríomhaire a dhéanamh arna n-eagrú ag EPSO.

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas roghnúcháin.
 

Réidh le hiarratas a dhéanamh?

Roghnaigh an phróifíl is fearr a oireann do do chúlra acadúil agus gairmiúil, agus cláraigh.

Tabhair do d’aire nach ionann clárú don phróiseas roghnúcháin agus dearbhú fostaíochta. Ní chinntíonn sé ach go gcuirfear do phróifíl le bunachar sonraí as a bhféadfaidh institiúidí an Aontais iarrthóirí a roghnú nuair a thagann folúntais chun cinn.

Job profile Grade
Airgeadas FG II, FG III, FG IV
Aistritheoirí FG IV
Bainistiú clár agus tionscadal FG III, FG IV
Bainistiú Foirgneamh FG II, FG III, FG IV
Cartlannaithe/Bainistíocht Taifead FG III, FG IV
Cumarsáid FG III, FG IV
Dlí FG III, FG IV
Gnóthaí polaitíochta / Beartais an Aontais Eorpaigh FG III, FG IV
Oibríochtaí slándála FG II
Oibríochtaí slándála, lena n-áirítear slándáil réigiúnach FG III, FG IV
Oibrithe cúraim do leanaí FG II
Oibrithe tacaíochta láimhe agus riaracháin FG I
Profléitheoirí FG III
Riarachán / Acmhainní daonna FG II, FG III, FG IV
Rúnaithe/Cléirigh FG II
Síceolaithe Oideachais FG IV
Slándáil faisnéise agus doiciméad FG III, FG IV
Slándáil TF FG III, FG IV
Slándáil theicniúil FG II, FG III, FG IV
Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide FG III, FG IV