Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Próisis roghnúcháin do phoist ball foirne ar conradh

woman talking to people sitting on her left side

Tá ról lárnach ag baill foirne ar conradh maidir le tacú le hobair institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

Cabhraíonn siad trí chúraimí riaracháin sealadacha a dhéanamh nó forlíonann siad réimsí speisialaithe ina bhfuil gá le scileanna breise.

Eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, ar a dtugtar CAST Buan chomh maith. Is uirlis um roghnú ball foirne ar conradh é CAST, agus is é an chiall atá le ‘Buan’ gur féidir iarratas a dhéanamh am ar bith trí chóras clárúcháin leanúnaigh.

Príomhchéimeanna an phróisis roghnúcháin

  1. Iarratas

Is ar chlárú leanúnach atá an próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh bunaithe, is é sin gur féidir leat iarratas a dhéanamh tráth ar bith.

Chun páirt a ghlacadh:

  • Féach rannán na mball foirne ar conradh agus roghnaigh an phróifíl is fearr a oireann do do chúlra oideachasúil agus gairmiúil.
  • Léigh na doiciméid thábhachtacha uile, go háirithe an glao ar léiriú spéise.
  • Cliceáil ar ‘Déan iarratas’ chun logáil isteach i do chuntas EPSO uathúil. Mura bhfuil cuntas agat, cruthaigh ceann chun tosú.
  • Nuair a bheidh tú logáilte isteach, líon isteach do shonraí pearsanta, oideachasúla agus gairmiúla i do chuntas EPSO. Tríd an méid sin a dhéanamh, tá tú ag clárú i mbunachar sonraí EPSO le haghaidh baill foirne ar conradh.
  • Is féidir leat do phróifíl a nuashonrú tráth ar bith chun go léireofar taithí nó scileanna nua inti.
  1. Gearrliostú

Nuair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, déanann seirbhísí earcaíochta institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais bunachar sonraí EPSO le haghaidh baill foirne ar conradh a chuardach agus cuireann siad na hiarrthóirí is fearr a oireann do riachtanais an phoist ar ghearrliosta.

  1. Trialacha

Tugtar cuireadh d’iarrthóirí atá ar an ngearrliosta trialacha réasúnaíochta ar ríomhaire a dhéanamh arna n-eagrú ag EPSO, ina ndéanfar measúnú ar an méid seo a leanas:

  • Réasúnaíocht bhriathartha
  • Réasúnaíocht uimhriúil
  • Réasúnaíocht theibí

 

Earcaíocht

Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha, is féidir go dtabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh leis an institiúid earcaíochta.
Is féidir post mar bhall foirne ar conradh a thairiscint d’agallaithe a n-éireoidh leo.

Nótaí tábhachtacha

  • D’fhéadfadh an próiseas roghnúcháin a bheith beagán éagsúil ó institiúid go hinstitiúid, ag brath ar a riachtanais.
  • Tá gach institiúid freagrach as agallaimh a dhéanamh agus as cinntí deiridh earcaíochta a bhainistiú.
  • Is féidir leat clárú le haghaidh próifílí éagsúla a mheaitseálann do scileanna agus do thaithí.

Réidh le hiarratas a dhéanamh?

Cláraigh anois i mbunachar sonraí EPSO le haghaidh baill foirne ar conradh