Slándáil TF
Sula gcláraí tú, léigh na doiciméid thábhachtacha uile chun a chinntiú go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta .
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar phróifíl amháin nó níos mó agus/nó ar ghrúpa feidhme amháin nó níos mó a bhfuil an t-oideachas agus an taithí is ábhartha agat ina leith.
Ní hionann níos mó ná iarratas amháin a chur isteach agus seans níos mó a bheith agat go réamhroghnófar thú.
Is sa Bhruiséil agus i Lucsamburg atá an chuid is mó de na poist atá ar fáil lonnaithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach freisin na ceisteanna agus freagraí sonracha gaolmhara.
Iarratas
Sula gcláraí tú, déan an méid seo a leanas:
- Cruthaigh cuntas EPSO mura bhfuil ceann agat cheana féin. Tá dianchosc ar níos mó ná aon chuntas amháin EPSO a bheith agat agus féadfar thú a dhícháiliú ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin más amhlaidh atá níos mó ná cuntas amháin agat. Léigh na ceisteanna coitianta nó déan teagmháil linn má tá amhras ort.
- Cliceáil ar DÉAN IARRATAS thíos chun clárú.
- Logáil isteach i do chuntas EPSO.
- Léigh na treoracha faoi conas an fhoirm a líonadh isteach.
- Is sa teanga nó sna teangacha atá leagtha síos sa ghlao ar léiriú spéise is gá an fhoirm a líonadh isteach agus a bhailíochtú.
- Déan a chinntiú go roghnaíonn tú an grúpa feidhme ceart agus iarratas á dhéanamh agat.
The invitation letter for your tests will be published on your account one week before the test date at the latest.
Doiciméid thábhachtacha
Nuacht ghaolmhar
An líon iarratas
EPSO/CAST/P/34/2023: 226
EPSO/CAST/P/35/2023: 119