Bainistiú clár agus tionscadal (CAST Permanent)
Sula gcinnfidh tú an mian leat cur isteach ar an bpróiseas roghnúcháin seo/ar na próisis roghnúcháin seo, is ceart duit na doiciméid thábhachtacha ar fad a léamh chun deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh tú na coinníollacha incháilitheachta uile an dáta a bheidh tú ag bailíochtú d'iarratais.
Is ceadmhach iarratas a dhéanamh ar phróifíl amháin nó níos mó agus/nó ar ghrúpa feidhme amháin nó níos mó. Moltar go láidir duit gan cur isteach ach ar na próifílí sin agus ar na grúpaí feidhme sin is mó a bhfuil an t-oideachas agus an taithí oibre atá agat in oiriúint dóibh.
Ní hionann cur isteach ar roinnt próifílí agus grúpaí feidhme agus seans níos fearr a bheith ann go n-éireoidh leat sna babhtaí réamhroghnúcháin.
Is sa Bhruiséil agus i Lucsamburg is mó a bheidh na conarthaí poist atá á dtairiscint faoin bpróiseas roghnúcháin seo/faoi na próisis roghnúcháin seo. Is féidir go mbeidh líon beag conarthaí le fáil i gcathracha eile san Aontas Eorpach agus i dtoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh áiteanna eile ar domhan.
Má tá tuilleadh eolais uait féach an liosta de cheisteanna coitianta.
Iarratas
Má thograíonn tú iarratas a dhéanamh ar cheann de na próifílí CAST Buan, lean na treoracha seo a leanas:
- Cruthaigh cuntas EPSO mura bhfuil ceann agat cheana. Tá cosc ar níos mó ná aon chuntas amháin EPSO a bheith agat agus is féidir thú a dhícháiliú ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin má tá níos mó ná cuntas amháin agat. Léigh na ceisteanna coitianta nó déan teagmháil linn má tá amhras ort.
- Cliceáil ar ‘IARRATAS A DHÉANAMH’ thíos chun tús a chur le d’iarratas.
- Logáil isteach i do chuntas EPSO.
- Léigh na treoracha faoi conas an fhoirm a líonadh isteach. Le linn duit iarratas a dhéanamh, lean na treoracha ar an scáileán.
Deacrachtaí maidir le hinrochtaineacht? Leagann EPSO an-bhéim ar an inrochtaineacht agus bímid ar ár mbionda i gcónaí agus sinn ag iarraidh feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide agus ar ár gcuid próiseas roghnúcháin.
An bhfuil deacrachtaí agat fós teacht ar chodanna áirithe de shuíomh gréasáin EPSO agus/nó ar dhoiciméid? Téigh i dteagmháil linn! Is féidir linn formáidí inrochtana nó cúnamh a chur ar fáil duit. - Is sa teanga nó sna teangacha atá leagtha síos sa ghlao ar léiriú spéise is gá an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a bhailíochtú.
Tá treoracha sa ghlao ar léiriú spéise maidir leis an teanga is gá a úsáid chun an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
Is féidir go ndícháileofar ón bpróiseas roghnúcháin thú mura leanfaidh tú na treoracha sin. - Déan deimhin de go roghnaíonn tú an feidhmghrúpa ceart agus iarratas á dhéanamh agat.
Mura bhfuil tú cinnte cén feidhmghrúpa is ceart a roghnú, féach an glao ar léiriú spéise.
Final and confirmed information, including planning details, will be communicated exclusively via letters and messages in the candidates' accounts.
The invitation letter for your tests will be published on your account one week before the test date at the latest.
Dátaí tábhachtacha
- Na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire – tréimhse na dtrialacha : 25/04/2025
- Na trialacha ilrogha ar ríomhaire – torthaí : mid 5/2025 (indicative)
Doiciméid thábhachtacha
Nuacht ghaolmhar
An líon iarratas
EPSO/CAST/P/3/2017: 18328
EPSO/CAST/P/4/2017: 32315