Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Ní féidir liom mo chuntas iarrthóra a chruthú, a rochtain ná a nascleanúint leis na huirlisí cúnaimh theicniúil a bhím a úsáid mar gheall ar an míchumas atá orm. Cad ba cheart dom a dhéanamh?

Question categories:

Is mór ag EPSO an inrochtaineacht. Bímid ag síorfhéachaint le feabhas a chur ar an dóigh a ndéanaimid cumarsáid agus ar ár bpróisis roghnúcháin. 

Mar sin féin, má bhíonn deacrachtaí agat a bhaineann le do chuntas iarrthóra a rochtain nó ár suíomh gréasáin a rochtain, iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach chun do chuid tuairimí, deacrachtaí agus moltaí a chur in iúl dúinn. 
Más gá, cuireann EPSO formáidí oiriúnaithe ar fáil atá inrochtana ag an teicneolaíocht chúnta. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair a dhéanann EPSO lena chuid seirbhísí a dhéanamh níos inrochtana, féach leat ár leathanach gréasáin atá dírithe ar chomhionannas deiseanna