
An chéad chomhdháil oiliúna de chuid EPSO i gcathair Lucsamburg

Chun próifíl chathair Lucsamburg a ardú mar áit iontach le cónaí agus le hoibriú inti san Aontas, d’eagraigh EPSO, den chéad uair riamh, a chomhdháil oiliúna do na hAmbasadóirí Mac Léinn i gcathair Lucsamburg.
Ghlac thart ar 150 ambasadóir mac léinn díograiseach spreagtha rannpháirt san imeacht, mar a raibh deis acu cuairt a thabhairt ar an iliomad institiúidí atá lonnaithe i Lucsamburg agus tuilleadh a fhoghlaim faoi ghairmeacha leis an Aontas Eorpach, próisis roghnúcháin EPSO san áireamh. Chuir roinnt mac léinn tús lena gclár ar an Déardaoin le turais fámaireachta ar chathair Lucsamburg. Ba é sin an chéad uair dóibh a bheith i gcathair Lucsamburg agus chuir go leor daoine in iúl do bhaill foirne EPSO gur dheas leo áilleacht na cathrach agus a éasca a bhí sé siúl thart faoin áit, an córas iompair saor in aisce, agus a shábháilte a bhí an chathair. Ba é an chéad uair do go leor acu a thuiscint gur i Lucsamburg atá a lán institiúidí de chuid an Aontais lonnaithe, agus go bhfuil líon suntasach den fhoireann lonnaithe ann freisin, ní hamháin sa Bhruiséil.
Dhírigh an ghné oiliúna den chlár ar chuir i láthair agus ar cheardlanna praiticiúla faoi ghairmeacha in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus faoi chomórtais EPSO, agus ar scileanna labhartha poiblí agus ar úsáid na meán sóisialta. Bhuail na daltaí freisin le hAmbasadóirí Foirne EPSO atá lonnaithe i Lucsamburg agus d’fhoghlaim siad cad is brí le bheith ag obair in institiúidí an Aontais. Chomhroinn iar-ambasadóirí mac léinn comhairle úsáideach lena gcomhghleacaithe nuacheaptha maidir le conas Gairmréimeanna leis an Aontas Eorpach a chur chun cinn go héifeachtach.
Is é EPSO a dhear an clár Ambasadóirí Mac Léinn um Ghairmeacha AE agus is é atá á bhainistiú ó 2010 i leith. Tá thart ar 180 ollscoil sna 27 gcinn de Bhallstáit an Aontais san áireamh ann. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi sin ar ár suíomh gréasáin: Ambasadóirí Mac Léinn um Ghairmeacha leis an Aontas Eorpach | EU Careers (europa.eu)