Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Parlaimint na hEorpa

Mar aon le Comhairle an Aontais Eorpaigh, is í Parlaimint na hEorpa príomhchomhlacht cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh. Toghann saoránaigh an Aontais feisirí chun na Parlaiminte gach 5 bliana. I mBealtaine 2014 a tharla an toghchán deiridh. 8,000 duine ar fad atá fostaithe ag Parlaimint na hEorpa, idir oifigigh agus bhaill foirne eile. As gach ceann de na Ballstáit na fostaithe sin agus iad ag saothrú sna trí láthair oibre atá ag an bParlaimint (Lucsamburg, Strasbourg, an Bhruiséil) agus sna hOifigí Eolais dá cuid atá lonnaithe sna Ballstáit.

Earcaíonn Parlaimint na hEorpa oifigigh, baill foirne shealadacha agus baill foirne ar conradh trí chomórtais oscailte a eagraíonn an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne. Chomh maith leis sin, earcaíonn feisirí Pharlaimint na hEorpa na cúntóirí parlaiminteacha creidiúnaithe a bhíonn acu féin. Ar ghníomhaireachtaí fostaíochta a leagtar an cúram baill foirne na ngníomhaireachtaí a earcú. Earcaítear freisin saineolaithe náisiúnta ar iasacht trí Bhuanionadaíocht an Bhallstáit dár de iad chuig an Aontas Eorpach. Cuireann Parlaimint na hEorpa roinnt tréimhsí oiliúna ar fáil i rith na bliana freisin.

Location
An Bhruiséil (an Bheilg)
Lucsamburg (Lucsamburg)
Strasbourg (an Fhrainc)