Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Ambasadóirí mac léinn thar ceann EU Careers

Más mac léinn thú atá ag iarraidh gairmréimeanna in institiúidí an Aontais a phoibliú i d’ollscoil féin, ar smaoinigh tú ar iarratas a dhéanamh le bheith i d’Ambasadóir Mic Léinn um Ghairmeacha AE ar bhonn deonach?

Sa ról sin, bheadh deis agat:

  • Tuilleadh eolais a chur ar dheiseanna oibre in institiúidí an Aontais agus mic léinn eile a chur ar an eolas fúthu
  • Líonra iontach mac léinn a thógáil ar fud na hEorpa
  • Taithí oibre a fháil le linn do chúrsa staidéir a chuirfidh téagar le do CV
  • Scileanna i réimse na cainte poiblí, na margaíochta agus na n-acmhainní daonna a fhorbairt
  • Ionduchtú iomlán agus cóitseáil leanúnach a fháil
  • Teagmháil le hoifigigh ardchéime sna hinstitiúidí Eorpacha
  • Teistiméireacht a bheidh bunaithe ar an méid a bhainfidh tú amach

Daoine díocasacha treallúsacha atá uainn, a bhfuil an-fhonn orthu EU Careers in institiúidí an Aontais a chur chun cinn ina n-institiúid léinn.
Is fostóir iomráiteach céimithe ardcháilithe é EU Careers, agus tá ambasadóirí branda sna hollscoileanna is fearr san Eoraip uainn.

Bíonn ar ambasadóirí EU Careers cuimhneamh ar dhóigheanna nua spéisiúla leis na deiseanna fostaíochta iontacha atá le fáil in institiúidí an Aontais a phoibliú, mar shampla:

  • freastal ar aontaí gairmeacha nó cur i láthair a dhéanamh do mhic léinn eile
  • líonraí ollscoile a fhorbairt agus eolas a sholáthar
  • a bheith gníomhach ar líne agus sna meáin shóisialta
  • ceisteanna faoi ghairmréimeanna san Aontas Eorpach a fhreagairt.

 

Ar mhaith leat éisteacht le hambasadóirí EU Careers ag caint faoina dtaithí féin?

 

Cad a dhéanfá mar Ambasadóir?

  • A bheith i do phointe teagmhála do mhic léinn ar spéis leo na gairmréimeanna atá le fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh
  • Spriocghrúpaí a aimsiú agus teagmháil a dhéanamh le meáin chumarsáide na hollscoile
  • Liostaí seoltaí ríomhphoist a thiomsú agus eolas faoi ghairmréimeanna in institiúidí an Aontais a scaipeadh trí na cainéil is oiriúnaí
  • Cainteanna a thabhairt, freastal ar ócáidí gairmeacha san ollscoil agus cainteoirí spéisiúla a aimsiú
  • Tascanna míosúla a chur i gcrích agus aiseolas rialta a thabhairt faoi do chuid gníomhaíochtaí
  • Leathanach Facebook/láithreacht ar líne a bhainistiú agus a riar ó lá go lá

Cé atá uainn?

Tá ambasadóirí díocasacha uainn atá ag iarraidh gairmréimeanna in institiúidí an Aontais agus na buntáistí a leanann iad a phoibliú. Teastaíonn na hinniúlachtaí seo a leanas:

  • Ardscileanna cumarsáide
  • An scil líonrú a dhéanamh
  • A bheith toilteanach foghlaim agus eolas a roinnt
  • An cumas teacht isteach ar chúinsí nua
  • Dea-scileanna eagrúcháin
  • An cumas obair ar ardcháilíocht a dhéanamh agus torthaí a bhaint amach
  • Cur chuige nuálach agus cruthaitheach
  • Buanseasmhacht

Na bunriachtanais

  • Dhá uair a chloig ar a laghad in aghaidh na seachtaine a chaitheamh leis an ról ambasadóra
  • Ócáid nó cur i láthair amháin ar a laghad faoi ghairmréimeanna san Aontas Eorpach a eagrú, nó páirt a ghlacadh ann
  • Cumarsáid a dhéanamh go rialta leis an gcomhordaitheoir EU Careers i d’institiúid léinn.
  • Páirt a ghlacadh sna cúrsaí oiliúna ar fad a chuirfear ar fáil duit (ar líne)
  • Cuntas a choinneáil de do chuid gníomhaíochtaí agus tuairisc a thabhairt orthu go rialta.

Lasmuigh de na bunriachtanais sin is fútsa atá sé a chinneadh cad is acmhainn duit a dhéanamh de bhreis ar do chuid staidéir agus conas is féidir leat gairmréimeanna san Aontas a chur chun cinn i measc na mac léinn eile. Daoine cruthaitheacha atá uainn a chuimhneoidh ar dhóigheanna nua spéisiúla le gairmréimeanna in institiúidí an Aontais a chur chun cinn!

Conas iarratas a dhéanamh

Tosóidh an próiseas roghnúcháin don bhliain acadúil 2023/24 i mí Feabhra/Márta 2023.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh má tá tú: 

  • I do shaoránach den Aontas Eorpach
  • Líofa sa Bhéarla agus i gceann de theangacha na tíre ina bhfuil tú ag staidéar
  • Ar fáil le páirt a ghlacadh sa chúrsa oiliúna éigeantach aon lae i mí Dheireadh Fómhair 2023.
  • Cláraithe agus i láthair san ollscoil ar feadh thréimhse an róil Ambasadóra (Deireadh Fómhair 2023 – Meán Fómhair 2024).

Tabhair do d'aire gur i gcomhar leis na rialtais náisiúnta a tiomsaíodh liosta na n-ollscoileanna atá rannpháirteach. Faoi láthair ní féidir linn tacaíocht a chur ar fáil d’Ambasadóirí in ollscoileanna nach bhfuil ar an liosta agus ní gnách an liosta a athrú. Mura bhfuil d’ollscoil ar an liosta seo, féach an bhfuil an liosta nuashonraithe ar an suíomh arís an bhliain seo chugainn.

Teagmháil

Má bhíonn aon cheist agat, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil linn ag an seoladh ríomhphoist seo: EPSO-CAREERS-AMBASSADOR@ec.europa.eu