Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
picture of Walter

Walter van H., Ceann na rannóige trádála agus eacnamaíochta

Tar éis dom staidéar a dhéanamh ar an ngeilleagar polaitiúil, ar an bhforbairt agus ar an riarachán gnó, d’oibrigh mé ar bheartais trádála, tionsclaíochta agus forbartha, i measc beartais eile don Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair sa Nigéir; Seirbhís Eachtrach na hÍsiltíre; Oxfam Novib; agus le déanaí, an tAontas Eorpach.

Ó thaobh an Aontais de, chuidigh mé chun comhghnóthas a bhunú in Barcelona a thacaíonn le forbairt comhleá núicléach. D’oibrigh mé ar an gcabhair dhaonnúil agus ar bheartais sláinte agus le déanaí ar ár mbeartas trádála, ag baint tairbhe as trádáil an Aontais chun feabhas a chur ar chaighdeáin saothair, chearta an duine agus chomhshaoil.

Cuireadh mé go dtí an Téalainn, an Indinéis agus na hOileáin Fhilipíneacha, áit a raibh mé i mo cheannaire ar rannóg trádála Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh. Sa ról sin bhí mé i dteagmháil leis an rialtas agus leis an tsochaí shibhialta i dtaca le comhaontuithe saorthrádála, le trádáil agus inbhuanaitheacht agus le rochtain ar an margadh.

I mí Eanáir 2021 ceapadh mé i mo cheannaire ar an rannóg trádála agus eacnamaíoch in oifig an Aontais chuig Hong Cong agus Macao.

picture of Lina

Iina L., Oifigeach beartais

Chuaigh mé leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí mar oifigeach beartais in 2020 chun oibriú ar shaincheisteanna trasearnálacha in obair an Aontais Eorpaigh maidir leis an tsíocháin agus leis an tslándáil. Dírím go háirithe ar na hidirnaisc idir an t-athrú aeráide agus an tslándáil, agus ar an tsláinte, acmhainní nádúrtha agus an imirce i gcomhthéacs an bhainistithe géarchéime i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Mar chuid den obair a dhéanaim bím ag forbairt beartais nua agus cleachtais nua, ag dréachtú doiciméad agus nótaí faisnéise agus ag eagrú imeachtaí éagsúla.

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, sin seirbhís taidhleoireachta an Aontais agus is éard atá i gceist leis sin dom féin teagmháil a dhéanamh gach lá le comhpháirtithe ar fud an domhain.

Sula ndeachaigh mé isteach sa ról atá agam faoi láthair, d’oibrigh mé mar phreasoifigeach i bParlaimint na hEorpa agus mar phointe fócasach maidir le cearta an duine i dToscaireacht an Aontais in Iosrael. Ó thaobh mo chúlra acadúil de, tá Máistreacht sna hEolaíochta Sóisialta agus Máistreacht i gCaidrimh Sheachtracha agus Taidhleoireacht an Aontais agam.

picture of Jerome

Jérôme R., Bainisteoir Cláir

Faoi láthair is mise Bainisteoir an Chláir Síochána agus Slándála do thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an Nigéir agus chuig Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS). Bainistím roinnt clár slándála sa Nigéir agus san Afraic Thiar. Mar chuid den obair a dhéanaim, bím ag comhoibriú le roinnt gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gcothú na síochána sa Nigéir agus sa réigiún. Is ábhar bróid dom é luachanna agus leasanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn sa chuid sin den domhan.

Mo chuid staidéir ba ea túsphointe mo ghairmréime idirnáisiúnta. Rinne mé céim Mháistreachta i gCaidreamh Idirnáisiúnta agus sa Nua-Stair in Ollscoil Chill Rímhinn (an Ríocht Aontaithe), agus ansin bhain mé céim Mháistreachta amach san Eolaíocht Pholaitiúil in Institut d’Études Politiques de Paris (an Fhrainc) agus speisialtóireacht i gCaidreamh Idirnáisiúnta. Ina theannta sin, fuair mé Máistreacht sna hEalaíona sa Léann Eorpach ó Choláiste na hEorpa i Vársá (an Pholainn), cúpla bliain roimh aontachas 10 mBallstát nua leis an Aontas in 2004.

Táim ag obair i ngnóthaí an Aontais ó bhí 1997 ann. Le linn mo ghairmréime san Aontas Eorpach, bhí an deis agam oibriú i roinnt tíortha (an Fhrainc, an Ostair, an Ghearmáin, an Bheilg, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Nigéir). Tá mo chéannacht phearsanta féin múnlaithe ag mo thaithí agus mé i mo chónaí in go leor tíortha éagsúla, agus is sia sin ná an Fhrainc, an áit arb as dom. Mise mar Eorpach – agus fiú mar shaoránach den domhan é – sin é is dual dom!