Roghnú ball foirne buan
Is éard atá san fhoireann bhuan baill foirne de sheirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh a cheaptar ar feadh tréimhse éiginnte. Is iad an príomhlucht saothair iad agus roghnaítear iad trí chomórtais oscailte arna n-eagrú ag EPSO. Tá na comórtais sin ceaptha painéil a thiomsú, is é sin baiclí iarrthóirí ar éirigh leo ónar féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh daoine a earcú nuair a bhíonn folúntais acu.
Baineann roinnt céimeanna le gach comórtas, ó fhoilsiú an chomórtais go tiomsú an phainéil.
Tá dhá phríomhchineál comórtas ann:
1. Comórtais do chéimithe
- Is féidir le céimithe ollscoile ó gach réimse staidéir páirt a ghlacadh sna comórtais seo
- Níl aon taithí oibre roimhe seo ag teastáil ina leith
- Earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo mar riarthóirí ag grád AD 5 (an grád tosaigh don chatagóir foirne sin)
2. Comórtais do speisialtóirí
- Is féidir le céimithe agus le daoine nach bhfuil céim acu araon páirt a ghlacadh sna comórtais seo
- Tá siad deartha d’iarrthóirí a bhfuil saineolas acu i réimse gairmiúil ar leith
- Tá taithí oibre ábhartha ag teastáil ina leith
- Earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo mar riarthóirí (grád AD 6 – AD 9) nó mar chúntóirí (grád AST 3 – AST 9)
Conas iarratas a dhéanamh
- Roghnaigh an comórtas ceart
Roghnaigh an comórtas is fearr a oireann do do chúlra oideachais agus gairmiúil. - Léigh na príomhdhoiciméid uile
Léigh go cúramach an fógra comórtais, an doiciméad tagartha bunriachtanach, agus aon eolas tacaíochta atá ar fáil ar leathanach gréasáin an chomórtais. - Déan d’incháilitheacht a sheiceáil (roghnach)
Cuirtear na ceanglais incháilitheachta in iúl ar leathanach an chomórtais agus san fhógra comórtais. - Téigh isteach i dTairseach Aonair na nIarrthóirí
Cliceáil ar ‘Déan iarratas’ ar leathanach gréasáin an chomórtais. Iarrfar ort logáil isteach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí trí do chuntas EU Login. Mura bhfuil cuntas EU Login agat, beidh ort ceann a chruthú ar dtús. - Líon isteach agus bailíochtaigh an fhoirm iarratais
Líon isteach an fhoirm iarratais go cúramach agus cuir isteach roimh an sprioc-am í.
Trialacha
Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais curtha isteach acu faoin sprioc-am, tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha, ag brath ar na comórtais. Faigh tuilleadh eolais faoi na trialacha.
Seiceáil incháilitheachta
Ag céim ar leith den phróiseas roghnúcháin, fíoraíonn EPSO go gcomhlíonann iarrthóirí na critéir incháilitheachta uile (e.g. náisiúntacht, oideachas, scileanna teanga, taithí oibre).
Ní féidir ach iarrthóirí a chomhlíonann na critéir sin a chur leis an bpainéal.
Painéal
Ag deireadh an chomórtais tiomsóidh EPSO painéal d’iarrthóirí ar éirigh leo, rud ónar féidir le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh iad a earcú nuair a bheidh folúntas oiriúnach ann.
Más amhlaidh atá tú ar an bpainéal sin, tá tú incháilithe chun earcaíochta ach ní chiallaíonn sé go bhfostófar go huathoibríoch thú.
Earcaíocht
A luaithe a bheidh painéal curtha ar bun, is iad na hinstitiúidí den Aontas a bhainistíonn a n-earcaíocht féin bunaithe ar a riachtanais shonracha foirne.
Nuair a thagann folúntais chun cinn, déanfaidh na hinstitiúidí an méid seo a leanas:
- Féachaint ar an bpainéal chun na hiarrthóirí is fearr a oireann do dhualgais an phoist a shainaithint.
- Cuireadh chun agallaimh a thabhairt d’iarrthóirí atá ar an ngearrliosta (d’fhéadfadh sé go rachadh roinnt institiúidí i dteagmháil le cuid acu)
- Tairiscintí poist a thabhairt d’agallaithe ar éirigh leo.