An tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha
Bunaíodh an tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (‘an tÚdarás’) chun Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a chlárú, a rialú agus smachtbhannaí a fhorchur orthu de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (‘Rialachán Uimh. 1141/2014’).