
Forbairt phearsanta agus ghairmiúil

Cuireann an tAontas Eorpach deiseanna foghlama agus forbartha ar fáil. Féadfaidh tú scileanna nua a shealbhú agus lán do chumais a thabhairt leat ach freastal ar réimse cúrsaí oiliúna le linn do ghairmréime.
Cuirtear oiliúint ar fáil i réimse leathan ábhar amhail teangacha, ionchuimsiú agus éagsúlacht, beartais an Aontais agus an caidreamh institiúideach, réitigh san ionad oibre agus réitigh shóisialta, forbairt TF agus dhigiteach, taidhleoireacht an Aontais, i measc go leor eile.
Cuireann an Scoil Riaracháin Eorpach (EUSA) cúrsaí idirinstitiúideacha ar fáil atá ceaptha d’aon ghnó chun oiliúint ardcháilíochta a chur ar fáil d’fhoireann an Aontais.
Ní hionann gairmréim ar feadh an tsaoil in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a rá go mbeidh ort fanacht sa ról céanna ar feadh do shaoil. A bhuíochas leis an scéim soghluaisteachta post inmheánach, más mian leat cur le do thacar scileanna nó taithí a fháil ar réimsí eile oibre, is féidir leat aistriú chuig seirbhísí, institiúidí agus áiteanna oibre eile de chuid an Aontais chun dúshláin ghairme nua spreagúla a aimsiú.