Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Timpeallacht idirnáisiúnta

Aerial view of a group of people holding an EU flag

Is timpeallacht oibre ar leith atá ag lucht an riaracháin phoiblí in institiúidí an Aontais. Earcaítear oifigigh an Aontais Eorpaigh ar fud an Aontais agus déantar cumarsáid in 24 theanga éagsúla. Is cuid d’fhoireann éagsúil ilchultúrtha ilteangach iad agus níl a leithéid le fáil áit ar bith eile ar domhan.

Mar chuid den phobal idirnáisiúnta seo, beidh deis mhaith agat forbairt ghairmiúil agus phearsanta a dhéanamh, cur le do thaithí agus a bheith ag obair le comhghleacaithe ó gach cearn den Aontas.

Cuireann an tAontas iliomad deiseanna gairme ar fáil, sa Bhruiséil agus i Lucsamburg den chuid is mó, agus i roinnt cathracha eile freisin.

De réir mar a théann tú chun cinn i do ghairm, féadfaidh tú deiseanna oibre eile a thapú freisin i dtoscaireachtaí de chuid an Aontais ar fud an domhain agus i ngníomhaireachtaí ar fud na hEorpa.