
Aistritheoirí go DA, EL, EN, ES, FR, IT, MT agus NL

An bhfuil dúil mhór agat i dteangacha? An bhfuil tú réidh le tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta i bhfoireann ilchultúrtha ilchineálach? Má tá, léigh ar aghaidh.
Tá aistritheoirí (grád AD 5) á lorg ag na hinstitiúidí Eorpacha le haghaidh na dteangacha seo a leanas: Danmhairgis (DA), Gréigis (EL), Béarla (EN), Spáinnis (ES), Fraincis (FR), Iodáilis (IT), Máltais (MT) agus Ollainnis (NL). Baineann an fógra seo le hocht gcomórtas agus ní féidir le hiarrthóirí cur isteach ach ar cheann amháin acu.
Is é an príomhról a bheidh agat mar aistritheoir aistriúcháin ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus seirbhísí teanga a chur ar fáil a chuidíonn leis an institiúid, leis an gcomhlacht nó leis an ngníomhaireacht a misean a bhaint amach. Ar na cúraimí a d'fhéadfadh a bheith ort tá aistriú ó dhá theanga fhoinseacha ar a laghad go dtí an sprioctheanga, aistriúcháin a athbhreithniú, eagarthóireacht, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cáilíochta teanga, taighde téarmaíochta a dhéanamh, tacú le tionscnaimh oiliúna, agus cur le forbairt na n-uirlisí teicneolaíochta faisnéise (TF). Bíonn na téacsanna casta go minic agus is iondúil go gcumhdaíonn siad ábhair pholaitiúla, dhlíthiúla, eacnamaíocha, airgeadais, eolaíocha agus theicniúla a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais. Is féidir go mbeidh tú ag obair freisin ar logánú a dhéanamh ar ábhair chumarsáide nó ar fhotheidealú. Chun na dualgais sin a chomhlíonadh, ní mór úsáid fhorleathan a bhaint as uirlisí speisialaithe TF.
Is féidir iarratas a dhéanamh ón 3 Nollaig 2024 go dtí an 14 Eanáir 2025, ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.