Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna - ACER

An dáta ónar féidir iarratais a dhéanamh
28/04/2019
An spriocdháta d'iarratais
no deadline for application
Áit(eanna): 
Liúibleána (An tSlóivéin)

 

Is ar chéimithe óga ollscoile go príomha atá an Tréimhse Oiliúna dírithe, na daoine sin a bhfuil céim ollscoile bainte amach acu le gairid, i gcreat na foghlama ar feadh an tsaoil, a chur san áireamh, daoine atá ag tosú i mbun gairme nua.

Cé atá incháilithe?

  • Náisiúnaigh as Ballstát den Aontas Eorpach atá 18 mbliana d’aois nó níos sine.
  • Ní mór d’iarrthóirí leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a bheith acu ar baineadh dioplóma amach dá bharr (dioplóma a bronnadh i mBallstát den Aontas Eorpach nó atá faoi réir deimhnithe coibhéise a d’eisigh Údaráis Ballstáit), i gcás inarb é trí bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse le haghaidh oideachas ollscoile.
  • Ní cheadaítear iarrthóirí a bhfuil tairbhe bainte acu cheana nó atá ag baint tairbhe as aon chineál tréimhse oiliúna laistigh d’institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh nó a bhí fostaithe roimhe nó atá fostaithe faoi láthair laistigh d’institiúid nó de chomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh.

Fad ama: 6 mhí

Pá: Is intéirneacht ar pá é seo. 600€ (Deontas Míosúil) agus 350€ (Liúntas Lóistín).

Dátaí tosaigh: An 1 Meán Fómhair nó an 1 Márta