Maria K. (An Coimisiún Eorpach)
‘An oiread duilliúir atá san áit, tá sin ar na rudaí is fearr faoi Lucsamburg dar liom. Ní gá duit dul i bhfad chun do spás glas féin a aimsiú, fíonghoirt, cuir i gcás, nó coillte nó cosáin sna sléibhte (beaga). Is iad na háiteanna is fearr liomsa ná Vianden, baile a bhfuil caisleán suite os a chionn agus an abhainn Our ag rith tríd, agus Mullerthal, nó ‘An Eilvéis Bheag’ mar a thugtar air freisin, réigiún ina bhfuil carraigeacha, foraoisí agus easanna áille.’