Clár Gníomhaíochta Dearfaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa d’oiliúnaithe faoi mhíchumas
Eolas faoin gclár
Is mór ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an cuimsiú, agus cuireann sí deiseanna ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas tréimhsí oiliúna a dhéanamh in CIE. Sa bhreis ar an scéim oiliúna chaighdeánach, cuireann an Clár Gníomhaíochta Dearfaí d’oiliúnaithe faoi mhíchumas bealach breise ar fáil dóibh siúd a bhfuil lagú fadtéarmach fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu.
Tairgeann CIE dhá thréimhse oiliúna in aghaidh na bliana do náisiúnaigh den Aontas atá faoi mhíchumas aitheanta.
Táimid ag glacadh le hiarratais faoi láthair ar thréimhsí oiliúna i ngach ceann dár réimsí oibre: iniúchóireacht, aistriúchán, cumarsáid, riarachán ginearálta, TF agus bainistíocht leabharlainne. Cuirimid fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí i réimsí na hiniúchóireachta TF agus na heolaíochta sonraí. Tá an méid sin ina chuid dár n-iarrachtaí leanúnacha feabhas a chur ar an úsáid a bhainimid as an teicneolaíocht agus na sonraí san iniúchóireacht, agus tá oiliúnaithe á lorg againn a bhfuil an fhís agus na smaointe acu chun fíorthionchar a bheith acu sna réimsí sin.
Freastal réasúnta
Is éard atá i gceist againn le ‘freastal réasúnta’ aon bhearta iomchuí, i gcás inar gá, lena bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas oibriú ar comhchéim le daoine eile, ach amháin dá gcuirfeadh na bearta sin ualach míchuí ar an bhfostóir.
Is féidir le CIE trealamh, cleachtais nó beartais a mhodhnú ar bhonn cás ar chás.
Má roghnaítear thú chun tréimhse oiliúna a dhéanamh linn, rachaimid i dteagmháil leat chun aon riachtanais shonracha a d’fhéadfadh a bheith agat a phlé agus chun a chinntiú go mbeidh na bogearraí, na crua-earraí nó an trealamh eirgeanamaíoch uile is gá agat ó thús do thréimhse oiliúna.
Iarrfaimid freisin ar fhoireann óstála oiliúnaithe CIE ullmhú le haghaidh do thréimhse linn sula dtiocfaidh tú.
Is féidir tuilleadh eolas tábhachtach a fháil faoin gceannteideal ‘Clár Gníomhaíochta Dearfaí d’oiliúnaithe faoi mhíchumas’ maidir leis na seisiúin, an liúntas, an incháilitheacht agus an nós imeachta iarratais.