Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Clár gníomhaíochta dearfaí bliantúil Pharlaimint na hEorpa do bhaill foirne ar conradh

Don 10ú bliain as a chéile, tá an Clár Gníomhaíochta Dearfaí (PAP) (eagrán 2024) á sheoladh ag Parlaimint na hEorpa, ar bealach breise é atá ceaptha éascú a dhéanamh ar dhaoine faoi mhíchumas a fhostú mar bhaill foirne ar conradh. Cuireann an tionscnamh seo deis ar fáil d’iarrthóirí faoi mhíchumas a bheith ag obair don aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach, agus cuireann sé ar a cumas don Pharlaimint linn tallainne éagsúil a chinntiú trí iarrthóirí inniúla a mhealladh.

Tapaigh an deis conradh bliana a ghnóthú, rud a d’fhéadfaí a shíneadh! D’fhéadfaí thú a chur i mbunachar sonraí de chuid Pharlaimint na hEorpa freisin ionas go bhféadfaí thú a earcú mar bhall foirne ar conradh níos déanaí.