Conas iarratas a dhéanamh
Tosóidh an próiseas roghnúcháin don bhliain acadúil 2027/2028 i mí Feabhra/mí an Mhárta 2027.
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh má tá tú:
- I do shaoránach den Aontas Eorpach;
- Líofa sa Bhéarla agus i dteanga na tíre ina bhfuil tú ag déanamh staidéir;
- Ar fáil le páirt a ghlacadh sa chúrsa oiliúna éigeantach lae a bheidh á reáchtáil againn i mí Dheireadh Fómhair 2027;
- Cláraithe agus i láthair san ollscoil ar feadh thréimhse iomlán an róil ambasadóra (Deireadh Fómhair 2027 – Meán Fómhair 2028);
Tabhair do d’aire gur i gcomhar leis na rialtais náisiúnta a tiomsaíodh liosta na n-ollscoileanna rannpháirteacha. Faoi láthair ní féidir linn tacaíocht a chur ar fáil d’ambasadóirí in ollscoileanna eile.
Mura bhfuil d’ollscoil ar an liosta seo, féach an leathanach seo ag tús na bliana seo chugainn chun an liosta nuashonraithe a sheiceáil.
Má bhíonn aon cheist agat, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil linn ag an seoladh ríomhphoist seo: EPSO-CAREERS-AMBASSADOR@ec.europa.eu