Comórtais atá ar oscailt
Is féidir leat do theangacha a athrú fiú amháin tar éis duit d’iarratas a chur isteach le haghaidh comórtas atá ar oscailt, ar choinníoll nach bhfuil an sprioc-am iarratais istigh. Nuair a bheidh an sprioc-am istigh, ní féidir an fhoirm iarratais ná do roghanna teangacha a leasú a thuilleadh.
Má chuireann tú d’iarratas in eagar tar éis duit é a chur isteach, ná déan dearmad ‘Cuir isteach’ a chliceáil arís. Mura ndéanfaidh tú sin, beidh stádas ‘dréacht’ ag d’iarratas i gcónaí agus ní chuirfear san áireamh é.
Féach freisin: Conas is féidir liom teangacha na dtrialacha le haghaidh comórtais a roghnú?
Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh
Ní féidir leat féin do roghanna teanga a athrú.
Seachas sin, beidh ort iarraidh a chur faoi bhráid EPSO tríd an bhfoirm theagmhála.
Tabhair do d’aire go bhfuil na riachtanais teanga sainithe i roinn 3.2 den ghlao ar léiriú spéise.
Féach freisin: Conas is féidir liom teangacha na dtrialacha a roghnú le haghaidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh?