Dá ligfeadh an Bord Roghnúcháin isteach sa chomórtas arís thú tar éis athbhreithniú a dhéanamh, thiocfá ar ais isteach ag an gcéim céanna ónar cuireadh amach thú, ainneoin cé chomh fada a bheadh an comórtas bogtha ar aghaidh idir an dá linn.
Cad a tharlódh dá ligfí isteach sa chomórtas arís mé tar éis athbhreithniú a dhéanamh, ach go mbeadh an comórtas bogtha ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile cheana?
Tá iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach agam agus níl freagra faighte agam fós, ar cheart dom meabhrú a chur?
Má fuair tú adhmháil le cur in iúl go bhfuarthas do ghearán, níor cheart duit meabhrú a chur mura bhfuil am suntasach caite ó chur tú isteach é.
Is féidir go mbeidh roinnt seachtainí i gceist chun freagraí ar athbhreithnithe a ullmhú. Ní mór don Bhord Roghnúcháin teacht le chéile chun cinneadh a dhéanamh faoi, agus is ina dhiaidh sin amháin a dhéantar freagraí a ullmhú agus a chur.
Tá mé faoi mhíchumas agus bhí deacrachtaí agam mo chuntas EPSO agus/nó suíomh gréasáin EPSO a rochtain le linn an phróisis roghnúcháin a raibh mé páirteach ann. Cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil chun mo chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl?
Accessibility is very important to EPSO. We continually work to improve the accessibility of our communication and selection procedures.
However, if you run into difficulties linked to the accessibility of your EPSO account or our website, please contact us to share your observations and recommendations.
If necessary, EPSO produces adapted formats accessible to assistive technology
Your feedback is essential to us. It helps us improve our services by making them more accessible to everyone.
You can find out more about EPSO's work to improve accessibility on our equal opportunities webpage.
Cad is ceart dom a dhéanamh má fheictear dom nár caitheadh go cothrom liom i gcomórtas i ngeall ar na saintréithe a bhaineann liom?
Is mór ag EPSO an comhionannas, an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú agus bíonn sé ar a dhícheall féachaint chuige go bhfuil na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.
Má fheictear duit gur caitheadh leat ar dhóigh éagórach nó idirdhealaitheach i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na saintréithe seo: gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, má fheictear sin duit, déan teagmháil linn láithreach chun do chuid tuairimí agus mothúchán a chur in iúl dúinn.
Tugaimid an-aird ar an aiseolas a thugann iarratasóirí dúinn óir is iad atá i gcroílar ár gcuid beartas agus cleachtas maidir le comhionannas, éagsúlacht agus bainistiú ionchuimsithe. Tá tuilleadh eolais faoin dóigh a gcuirimid na beartais sin i bhfeidhm, ar ár leathanach comhdheiseanna.
Ní hionann gach triail – an bhfuil sin féaráilte?
Nuair atá trialacha éagsúla scríofa le déanamh mar chuid den chomórtas céanna (e.g. trialacha aistriúcháin), roghnaítear na trialacha sa chaoi is gurb ionann leibhéal deacrachta dóibh.
Tá teanga na trialacha ar mo thoil agam, agus dá bhrí sin ba cheart an marc a ghnóthaigh mé a bheith níos airde.
De bhrí go mbíonn ardchaighdeán agus dianiomaíocht sna comórtais, ní mór sárchumas scríbhneoireachta a bheith agat sa phríomhtheanga, mar aon le sárchumas léitheoireachta agus tuisceana sa teanga fhoinseach/sna teangacha foinseacha agus, i gcásanna áirithe, eolas ar chultúr na sprioctheanga/na sprioctheangacha agus na teanga foinsí/na dteangacha foinseacha, sin nó saineolas ar réimse amháin nó níos mó.
Is aistritheoir oilte mé, agus dá bhrí sin ba cheart an marc a ghnóthaigh mé a bheith níos airde
Is ar an aistriúchán a rinne tú lá na trialach atá do mharc bunaithe. Ní haon údar é an taithí oibre ná na cáilíochtaí atá agat le cur in aghaidh na breithe a thug an Bord Roghnúcháin ar fheabhas an aistriúcháin sin.
Feictear dom go ndearnadh earráid ábhartha i marcáil mo thrialach (e.g. ní hé mo mharc féin a fuair mé ach marc iarrthóra eile/níor marcáladh an triail ar fad)
Sula gcuirtear torthaí trialach in iúl d’iarrthóir, déanann an Bord Roghnúcháin iad a sheiceáil, a fhaomhadh agus a bhailíochtú.
Ní leor an t-aiseolas a tugadh – tá tuilleadh eolais uaim i dtaobh na marcanna a ghnóthaigh mé.
Ba cheart idir mharcanna agus aiseolas a bheith faighte agat sa litir a cuireadh chugat ina raibh na torthaí tugtha. Ní thabharfar aon aiseolas sa bhreis air sin.
Cén fáth a bhfuil an marc a ghnóthaigh mé sna réamhthrialacha chomh híseal sin?
Ar an gcéad dul síos, fiú má bhíonn tú cinnte faoi conas is ceart an triail a rinne tú a mharcáil, tá an chinnteacht phearsanta sin suibiachtúil agus ní féidir glacadh léi in áit mheasúnú an Bhoird Roghnúcháin. Ní hionann an chinnteacht sin agus fianaise dhoshéanta go ndearna an Bord earráid fhollasach.
Is féidir cúiseanna éagsúla a bheith leis an marc a thug an Bord Roghnúcháin, marc a bhíonn bunaithe ar chritéir meastóireachta réamhshocraithe agus ar nótaí tráchta an mharcálaí:
I gcás trialacha aistriúcháin baintear marcanna astu seo:
- Easnaimh
- Botúin tuisceana, gramadaí, téarmaíochta, réime
- Deacrachtaí éirim an tsleachta a chur in iúl
- Easnaimh i stór focail an aistriúcháin
- An t-aistriúchán gan a bheith iomlán
- etc.
Is ceart duit an méid seo a chur san áireamh, ó thaobh dlí de:
- Is iondúil nach mbíonn ainmneacha luaite leis na trialacha agus iad á marcáil agus gur marcálaithe cáilithe a dhéanann an mharcáil, de réir scéim mharcála
- Tugtar treoracha dochta maidir le cáilíocht do na marcálaithe
- Baintear marcanna as botúin (i gcás trialacha aistriúcháin)
An bhfuil an fhaisnéis léite agat agus ar mhaith leat gearán a dhéanamh anois?