¿Qué debo hacer si considero que no se me ha tratado equitativamente durante una oposición debido a mis diferencias?
Is mór ag EPSO an comhionannas, an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú, agus bíonn sé ar a dhícheall féachaint chuige go mbíonn na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.
Má fheictear duit gur caitheadh leat ar dhóigh éagórach nó idirdhealaitheach i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na saintréithe seo: gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, déan teagmháil linn láithreach chun do chuid tuairimí agus mothúchán a chur in iúl dúinn.
Tugaimid an-aird ar an aiseolas a thugann iarratasóirí dúinn óir is iad atá i gcroílár ár gcuid beartas agus cleachtas maidir le bainistiú comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsithe. Tá tuilleadh eolais faoin dóigh a gcuirimid na beartais sin i bhfeidhm le fáil ar ár leathanach gréasáin maidir le comhdheiseanna.