Dá ligfeadh an Bord Roghnúcháin isteach sa chomórtas arís thú tar éis athbhreithniú a dhéanamh, thiocfá ar ais isteach ag an gcéim céanna ónar cuireadh amach thú, ainneoin cé chomh fada a bheadh an comórtas bogtha ar aghaidh idir an dá linn.
Cad a tharlódh dá ligfí isteach sa chomórtas arís mé tar éis athbhreithniú a dhéanamh, ach go mbeadh an comórtas bogtha ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile cheana?
Tá iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach agam agus níl freagra faighte agam fós, ar cheart dom meabhrú a chur?
Má fuair tú adhmháil le cur in iúl go bhfuarthas do ghearán, níor cheart duit meabhrú a chur mura bhfuil am suntasach caite ó chur tú isteach é.
Is féidir go mbeidh roinnt seachtainí i gceist chun freagraí ar athbhreithnithe a ullmhú. Ní mór don Bhord Roghnúcháin teacht le chéile chun cinneadh a dhéanamh faoi, agus is ina dhiaidh sin amháin a dhéantar freagraí a ullmhú agus a chur.
Tá mé faoi mhíchumas agus bhí deacrachtaí agam mo chuntas EPSO agus/nó suíomh gréasáin EPSO a rochtain le linn an phróisis roghnúcháin a raibh mé páirteach ann. Cé leis ar ceart dom dul i dteagmháil chun mo chuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl?
Accessibility is very important to EPSO. We continually work to improve the accessibility of our communication and selection procedures.
However, if you run into difficulties linked to the accessibility of your EPSO account or our website, please contact us to share your observations and recommendations.
If necessary, EPSO produces adapted formats accessible to assistive technology
Your feedback is essential to us. It helps us improve our services by making them more accessible to everyone.
You can find out more about EPSO's work to improve accessibility on our equal opportunities webpage.
Cad is ceart dom a dhéanamh má fheictear dom nár caitheadh go cothrom liom i gcomórtas i ngeall ar na saintréithe a bhaineann liom?
Is mór ag EPSO an comhionannas, an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú agus bíonn sé ar a dhícheall féachaint chuige go bhfuil na deiseanna céanna ag na hiarratasóirí uile, go gcaitear ar an dóigh chéanna leo agus go bhfuil an rochtain chéanna acu ar a chuid seirbhísí.
Má fheictear duit gur caitheadh leat ar dhóigh éagórach nó idirdhealaitheach i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na saintréithe seo: gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, má fheictear sin duit, déan teagmháil linn láithreach chun do chuid tuairimí agus mothúchán a chur in iúl dúinn.
Tugaimid an-aird ar an aiseolas a thugann iarratasóirí dúinn óir is iad atá i gcroílar ár gcuid beartas agus cleachtas maidir le comhionannas, éagsúlacht agus bainistiú ionchuimsithe. Tá tuilleadh eolais faoin dóigh a gcuirimid na beartais sin i bhfeidhm, ar ár leathanach comhdheiseanna.
Sílim gur cheart mé a ligean isteach sa chomórtas ar bhonn mo cháilíochtaí agus/nó mo thaithí oibre.
Fiú má bhíonn tú cinnte faoi conas is ceart do chuid taithí agus/nó cáilíochtaí a chur san áireamh, is cinnteacht shuibiachtúil é sin agus ní féidir glacadh léi in áit mheasúnú an Bhoird Roghnúcháin. Ní hionann an chinnteacht sin agus fianaise dhoshéanta go ndearna an Bord earráid fhollasach.
I gcritéir measúnúcháin an Bhoird Roghnúcháin, is gnách go mbíonn liosta de na nithe a shíleann sé a bhaineann le hábhar ó thaobh ábhair a ndearnadh staidéir orthu, dioplómaí a baineadh amach, leibhéal an dioplóma agus ábharthacht agus leibhéal na hoibre agus an fad a mhair sí.
Is féidir cúiseanna éagsúla a bheith le cinneadh an Bhoird Roghnúcháin tú a chur as an áireamh ar bhonn na gcritéar roghnúcháin réamhshocraithe:
- Ní leor an bhaint idir do dhioplóma agus réimse an chomórtais.
- Níl do dhioplóma ar an leibhéal ceart nó ní leor an fad a mhair an cúrsa as ar tháinig an dioplóma.
- Ní leor an bhaint idir do thaithí oibre agus réimse an chomórtais.
- Ní leor an fad a chaith tú ag obair sa réimse i gceist.
- Ní leor an taithí oibre ábhartha a fuair tú ó bhain tú amach an dioplóma is gá chun cur isteach ar an gcomórtas.
An bhfuil an fhaisnéis léite agat agus ar mhaith leat gearán a dhéanamh anois?