Skip to main content

FAQs

Cén fáth a bhfuil dhá chuntas iarrthóra éagsúla ann (cuntas EPSO vs cuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí)?

San am a chuaigh thart, is trí chuntas EPSO a bainistíodh gach próiseas roghnúcháin de chuid EPSO. Tá EPSO ag aistriú de réir a chéile chuig ardán nua, mar atá Tairseach Aonair na nIarrthóirí.

San am i láthair, úsáidtear ardáin éagsúla agus cuntais iarrthóra éagsúla ag brath ar an gcineál próisis roghnúcháin atá i gceist:

  • I gcás comórtais a foilsíodh tar éis an 1 Eanáir 2025, caithfidh iarrthóirí úsáid a bhaint as Tairseach Aonair na nIarrthóirí
  • I gcás comórtais oscailte a foilsíodh go dtí an 31 Nollaig 2024 agus i gcás próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, caithfidh iarrthóirí leanúint de chuntas EPSO a úsáid go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

D’fhéadfadh níos mó ná próifíl amháin a bheith ag iarrthóirí ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith acu, áfach. D’fhéadfaí iarrthóir a eisiamh ón bpróiseas roghnúcháin de dheasca níos mó ná cuntas EPSO amháin a bheith aige.

Coinnigh sonraí do chuntais cothrom le dáta agus déan do chuntas a sheiceáil go rialta, mar is é a úsáideann EPSO chun cumarsáid a dhéanamh le hiarrthóirí.