Skip to main content

FAQs

Conas a chinntíonn EPSO cóir chomhionann, comhionannas deiseanna, agus neamhchlaontacht an bhoird roghnúcháin?

Bíonn bord roghnúcháin ar leith ag gach próiseas roghnúcháin, arb é atá freagrach as na hiarrthóirí is fearr a roghnú ar bhonn na gcáilíochtaí agus na n-inniúlachtaí atá sainithe san fhógra comórtais. Oifigigh ó institiúidí an Aontais Eorpaigh a bhíonn ar na boird roghnúcháin, agus cinntíonn EPSO go mbíonn cothromaíocht ann ó thaobh inscne, inniúlacht teanga, ionadaíocht foirne agus riaracháin de, agus ó thaobh mhéid na n-institiúidí de. Is cathaoirleach, agus tacaíocht aige ó leas-chathaoirleach amháin nó níos mó, a bhíonn i gceannas ar an mbord. Tá na gníomhaíochtaí measúnaithe uile faoi réir rialacha dochta rúndachta.

Is é prionsabal na neamhchlaontachta a threoraíonn an próiseas roghnúcháin ar fad. Ní fhéadfaidh gaol ordlathach ná gaol teaghlaigh díreach a bheith ann idir ball den bhord roghnúcháin agus iarrthóir a ndéanann an bord measúnú air. Ní mór do chomhaltaí an bhoird agus d’iarrthóirí araon aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a dhearbhú ionas gur féidir bearta iomchuí a dhéanamh.

Cuireann an bord roghnúcháin na critéir incháilitheachta, roghnúcháin agus mheasúnaithe réamhbhunaithe a leagtar amach san fhógra comórtais i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach trédhearcach. Cuirtear oiliúint, cóitseáil agus maoirseacht ar chomhaltaí boird, agus déantar athbhreithniú rialta ar a gcuid oibre chun cur chuige measúnaithe comhchuibhithe a chinntiú.

Déanann EPSO rialuithe cáilíochta agus anailísí staitistiúla córasacha freisin chun claontacht a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath agus a chosc.

Ina theannta sin, cinntíonn EPSO go mbíonn comhionannas deiseanna ann trí anailís a dhéanamh ar thrialacha agus ar mhodhanna scórála chun cothroime a chinntiú do na hiarrthóirí uile agus chun a chinntiú go ndéantar ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta, ina measc sin caighdeán ISO le haghaidh nósanna imeachta measúnaithe agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Déanann EPSO a dhícheall freisin cothromaíocht inscne a chinntiú i measc iarrthóirí agus iarratasóirí rathúla.