Skip to main content

FAQs

Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais ar na trialacha a fháil? An gcuirtear oiliúint ar fáil do na hiarrthóirí?

Tá ceisteanna samplacha agus ábhair threoracha le fáil sa rannán ‘Trialacha EPSO’ dár suíomh gréasáin. Tabhair do d’aire gur ar mhaithe le heolas a chuirtear na samplaí sin ar fáil, agus nach ábhair oiliúna iad. Ní chuireann EPSO cúrsaí ullmhúcháin ar fáil ná ní fhormheasann sé aon fhoilseachán seachtrach ná seirbhís oiliúna. Féadfaidh cuid de na Ballstáit den Aontas tacaíocht nó oiliúint a thairiscint d’iarrthóirí. Chun a fháil amach an ann do dheiseanna den sórt sin i do thír féin, déan teagmháil leis na húdaráis náisiúnta ábhartha go díreach.

I gcás comórtais oscailte, bíonn eolas mionsonraithe faoi na trialacha le fáil san fhógra comórtais.