Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tá conradh sealadach agam le hinstitiúidí an Aontais. An féidir liom na sonraí a aistriú ó mo phróifíl inmheánach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí go tairseach sheachtrach nua?

Question categories:

Ní féidir – ní féidir sonraí (iarratais san áireamh) a aistriú idir próifílí ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.

Má tá conradh sealadach agat le ceann d’institiúidí an Aontais (comhalta den fhoireann shealadach, ball foirne ar conradh, conraitheoir seachtrach, oiliúnaí, gníomhaire cúnta, saineolaí náisiúnta ar iasacht, etc.), molaimid go láidir duit cuntas seachtrach EU Login a chruthú le seoladh ríomhphoist príobháideach agus próifíl sheachtrach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí a chruthú le haghaidh do chuid iarratas amach anseo agus chun cumarsáid a dhéanamh le EPSO.

Tá treoracha maidir le cuntas seachtrach EU Login a chruthú le do sheoladh ríomhphoist príobháideach ar fáil ag Conas cuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí a chruthú | EU Careers.