Cé leis ar cheart dom teagmháil a dhéanamh chun teastas láithreachta a fháil a dheimhníonn go ndearna mé na trialacha ar ríomhaire?
I gcás comórtais oscailte:
Ag deireadh gach seisiúin chríochnaithe, foilsítear teastais láithreachta is féidir a íoslódáil i bhfoirm PDF don tseiceáil réamhriachtanais agus do na trialacha, sa spás ‘Seisiúin chríochnaithe’ (an bhratach sheicear) i do chuntas TAO.
I gcás phróisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh:
Tar éis do thriail/do thrialacha a bhailíochtú, gheobhaidh tú ríomhphost uathoibrithe amháin in aghaidh na trialach ónár soláthraí seirbhíse, rud is féidir a úsáid mar dheimhniú láithreachta chomh maith (e.g. chun údar a thabhairt le saoire speisialta).
Cuirfear an ríomhphost/na ríomhphoist sin chuig an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas iarrthóra. Tabhair do d’aire gur i mBéarla a sheoltar na ríomhphoist sin mar réamhshocrú agus nach n-eisíonn EPSO aon deimhniú láithreachta breise.
Mura bhfaigheann tú na ríomhphoist sin, seiceáil d’fhillteán turscair ar dtús, agus ansin déan teagmháil le TestWe tríd an mbota comhrá.