Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Triail réasúnaíochta teibí

Is éard atá sa triail réasúnaíochta teibí measúnú cognaíoch lena ndéantar meastóireacht ar chumas duine patrúin, gaolmhaireachtaí loighciúla agus rialacha a aithint laistigh d’eolas amhairc neamhbhriathartha, rud a chuirtear i láthair de ghnáth mar shraith cruthanna, siombailí nó íomhánna. 
Déantar measúnú léi ar chumas duine smaoineamh go teibí agus go coincheapúil, rud atá riachtanach le haghaidh réiteach fadhbanna, smaointeoireacht chriticiúil agus cinnteoireachta.
Tá an triail sin ar na trí thriail réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí – VNAR) den chéim réamhroghnúcháin.