Ceanglais
- Ócáid nó cur i láthair amháin ar a laghad de chuid EU Careers a eagrú, nó páirt a ghlacadh ann
 - Dhá uair an chloig ar a laghad in aghaidh na seachtaine a chaitheamh leis an ról ambasadóra
 - Cumarsáid a dhéanamh go rialta leis an gcomhordaitheoir EU Careers i d’institiúid léinn
 - Páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí oiliúna ar fad a chuireann EPSO ar fáil ar líne
 - Cuntas a choinneáil de do chuid gníomhaíochtaí agus tuairisc a thabhairt orthu go rialta
 - Sárscileanna cumarsáide agus líonraithe a bheith agat
 - A bheith toilteanach foghlaim agus eolas a chomhroinnt
 - Dea-scileanna eagrúcháin
 - An cumas obair ar ardcháilíocht a dhéanamh agus torthaí a bhaint amach
 
Is fútsa a bheidh sé a dhéanamh amach cá mhéad obair chur chun cinn is acmhainn duit a dhéanamh de bhreis ar do staidéar acadúil. Daoine cruthaitheacha atá uainn mar ambasadóirí, daoine a chuimhneoidh ar dhóigheanna nua spéisiúla le gairmréimeanna in institiúidí an Aontais a chur chun cinn.