Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An Riarachán Poiblí Eorpach

Bíonn tionchar díreach ag obair riarthóirí poiblí an Aontais Eorpaigh ar fhás an Aontais agus ar fholláine na saoránach. 

Cuidíonn riarthóirí poiblí an Aontais le cinntí a mhúnlú a théann chun tairbhe an phobail. Tacaíonn siad go dlúth le lucht déanta cinntí trí bheartais a dhréachtú maidir le gach gné den saol san Aontas, amhail ceartas, sláinte, obair, gnó, cánacha agus TF, i measc go leor eile. 

Oifigeach beartais

Cur síos ar an bpost

Tugann oifigigh bheartais treoir agus tacaíocht d’oifigigh shinsearacha maidir le beartais an Aontais a dhearadh, a sholáthar agus a mheas i raon leathan earnálacha, ón mbeartas eachtrach go cearta an duine, acmhainní daonna agus bainistiú clár. 

Ina ról, déanann oifigigh bheartais cúraimí éagsúla, lena n-áirítear anailís agus réitigh a cheapadh; straitéisí a cheapadh; tionscadail a chur chun feidhme; comhordú a dhéanamh ar obair idir ranna agus institiúidí; comhairliúcháin phoiblí a eagrú maidir le gníomhaíochtaí an Aontais agus idirchaidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara seachtracha.
 
Na cáilíochtaí atá de dhíth

Ní mór duit dhá cheann ar a laghad de theangacha an Aontais Eorpaigh a bheith ar do thoil agat, céim i ndisciplín ábhartha más mian leat teacht isteach ar ghrád AD 5 (an grád tosaigh d’oifigigh ar leibhéal riarthóra), agus roinnt blianta de thaithí ábhartha más mian leat teacht isteach ar leibhéal is airde ná sin (grád AD 7). D’fhéadfadh sé go n-athródh na cáilíochtaí atá de dhíth, mar sin, ní mór na riachtanais shonracha a sheiceáil gach uair a fhoilsítear próiseas roghnúcháin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na próisis roghnúcháin agus leis na catagóirí éagsúla foirne.

Ina theannta sin, is féidir breathnú ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil nó breathnú ar leathanach na dtréimhsí oiliúna.