Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
picture of Alexandra

Alexandra K., Bainisteoir Cláir

Chuaigh mé le seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh in 2019 ag obair mar oifigeach beartais in AS EMPL (Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú). Is in aonad geografach a oibrím, rud a chiallaíonn go leanaim tír ar leith, an tSualainn i mo chás féin, agus go ndéanaim monatóireacht uirthi. Déanann comhghleacaithe eile i m’aonad monatóireacht ar fhorbairtí san Iodáil agus sa Danmhairg.

Tá an-éagsúlacht i mo phost agus tá an obair an-dúshlánach; baineann obair bheartais leis (agus béim ar shaincheisteanna fostaíochta agus sóisialta sa seimeastar Eorpach) chomh maith le bainistiú clár ar Chiste Sóisialta na hEorpa sa tSualainn.

Is é Béarla príomhtheanga oibre na hArd-Stiúrthóireachta ina n-oibrím, ach ós rud é go mbím ag díriú ar an tSualainn, bím ag obair trí mheán na Sualainnise chomh maith. Bíonn comhghleacaithe eile ag obair i dteangacha éagsúla na dtíortha ar a ndéanann siad monatóireacht. Tá an t-aonad s’againne sách ilteangach!

Tá máistreacht sa dlí agam ó Ollscoil Stócólm. Sular thosaigh mé ag obair leis an gCoimisiún Eorpach, d’oibrigh mé le heagraíocht neamhrialtasach abhcóideachta agus feachtasaíochta sa Bhruiséil.