Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
picture of Johannes

Johannes B., Oifigeach Beartais

Is saineolaí agus staraí ar chearta bunúsacha mé ó thaobh oiliúna. Tá mé ag obair leis an gCoimisiún Eorpach ó bhí 2015 ann, mar Leas-Chomhordaitheoir maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac roimhe seo, agus anois mar bhainisteoir do chláir mhaoiniúcháin maidir le luachanna an Aontais, cearta bunúsacha agus cuimhneachán Eorpach.

Is in oifig an Leas-Ard-Stiúrthóra in Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir a chuir mé tús le mo ghairmréim. Le linn na 6 bliana anuas sa Choimisiún Eorpach dom, d’oibrigh mé i ranna éagsúla amhail an tAonad um Beartas don Aos Óg in AS EAC agus an tAonad um Beartas Tearmainn in AS HOME.

Tá an-éagsúlacht i mo phost, ó mhaoiniú ón Aontas a bhronnadh ar eagraíochtaí agus aireachtaí na sochaí sibhialta, go sásraí nua maoinithe a mhúnlú chun tacú leis an obair i gcoinne an chiníochais, an idirdhealaithe agus an fhrithsheimíteachais, agus ailíniú dlúth a chinntiú idir ár dtosaíochtaí beartais maidir le comhionannas agus an tacaíocht is féidir linn a thabhairt do pháirtithe leasmhara.

Le linn mo chéime i stair na nGiúdach in Ollscoil Ludwig-Maximilians München, chaith mé bliain acadúil mar chomhalta in Ollscoil Eabhrach Iarúsailéim. Tá Máistreacht sa Léann Eorpach agam freisin ó Choláiste na hEorpa i Vársá (Natolin). Bím gníomhach sa ghluaiseacht óige is mó ar son na hEorpa, na Feidearálaigh Eorpacha Óga, agus bhínn i mo chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha roimhe. Bhí mé i mo rannpháirtí i gComhdháil na gCeannairí Óga de chuid Chomhairle Mheiriceá um an nGearmáin, agus bím ag rannchuidiú lena meitheal um Éagsúlacht, um Chothromas agus um Chuimsiú.