Triail scríofa
Is é is aidhm don triail scríofa seo measúnú a dhéanamh ar na hinniúlachtaí seo a leanas: scileanna cumarsáide scríofa. Ní dhéanfar measúnú ar an eolas atá agat ar an réimse ná ar an eolas atá agat ar ábhar na trialach seo; ní gá taighde breise a dhéanamh, dá bhrí sin. Tá cead agat barúlacha loighciúla a dhéanamh i gcás ina bhfuil eolas ar iarraidh nó neamhiomlán.
Chun ullmhú don triail, beidh ort brath ar an doiciméad foinseach atá ar fáil thíos. Tabhair do d’aire nach cuid den ábhar ullmhúcháin iad aon hipearnasc a d’fhéadfadh a bheith sa doiciméad.
Ní bheidh ach an chéad chuid den togra, an ‘MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN’ (an chéad 22 leathanach sa leagan Gaeilge) amháin mar bhonn don scrúdú scríofa.
NÍ BHEIDH na codanna seo a leanas mar chuid den scrúdú scríofa seo agus ba cheart neamhaird a thabhairt orthu: ‘2010/31/AE - Togra le haghaidh TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)’ agus ‘Iarscríbhinn I’.
Lá na trialach, tabharfar tasc sonrach duit a mbeidh baint aige leis an doiciméad foinseach. Beidh rochtain agat ar an doiciméad foinseach le linn na trialach chomh maith.