An bhfuil an mianach ceart ionat?
Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas TFC (AD 7), ní mór duit na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:
- A bheith i do náisiúnach den Aontas Eorpach agus cearta iomlána mar shaoránach den Aontas a bheith agat.
- Eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal C1) agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal B2).
- Ní mór duit cúrsa ollscoile a bheith críochnaithe agat agus taithí oibre ábhartha a bheith agat araon chomh maith, mar seo a leanas:
Céim 3 bliana i réimse a bhaineann leis an réimse TFC a roghnaíodh agus taithí oibre ábhartha 7 mbliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin;
sin nó
Céim 4 bliana i réimse a bhaineann leis an réimse TFC a roghnaíodh agus taithí oibre ábhartha 6 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin;
sin nó
Céim 5 bliana i réimse a bhaineann leis an réimse TFC a roghnaíodh agus taithí oibre ábhartha 5 bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin;
sin nó
- Céim 3 bliana i réimse eile, agus taithí oibre ábhartha 9 mbliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin (8 mbliana i gcás na heolaíochta sonraí).
Tá na riachtanais bheachta éagsúil ó réimse go chéile. Ní mór d’iarrthóirí an fógra comórtais a cheadú chun na sonraí uile a fháil.