Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
picture of Mathieu

​​​​​​​Mathieu O., Bainisteoir Cláir

Chuaigh mé leis an gCoimisiún Eorpach in 2002 agus oibrím in Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (AS EAC). Is Bainisteoir Cláir mé le haghaidh Erasmus+ agus táim ar fhoireann ‘Bhliain Eorpach na hÓige 2022’.

Tá bród orm as tionscadal dochreidte a sheoladh dar teideal DiscoverEU, rud a thugann deis do dhaoine 18 mbliana d’aois pas saorthaistil a bhaint. Is díol sásaimh dom é go bhfuil tionchar ag an ról atá agam ar óige na hEorpa. Caithim an lá i mbun plé le heagraíochtaí óige agus le daoine óga ar fud na hEorpa trí na meáin shóisialta, ag scaipeadh eolais agus ag tógáil pobal de thaistealaithe DiscoverEU.

Rinne mé mo chuid staidéir sa Mhargaíocht agus is san fhógraíocht a bhí mo chonair ghairme. Bhí suim i gcónaí agam i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilchultúrtha; sin an fáth gur rogha shoiléir dom an Coimisiún Eorpach.