Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
picture of Lucile

Lucile C., Oifigeach Preasa agus Meán

Thosaigh mé le rannóg na cobhsaíochta airgeadais agus na seirbhísí airgeadais de chuid na hArd-Stiúrthóireachta um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA) sa Choimisiún Eorpach in 2019. D’oibrigh mé ar dtús ar bheartais airgeadais dhigitigh agus inbhuanaithe sular thosaigh mé ag obair leis an bhfoireann preasa. Cuirimid ár mbeartais chun cinn sna meáin, le páirtithe leasmhara agus sa phobal i gcoitinne i ndlúthchomhar leis na haonaid bheartais, leis an tseirbhís urlabhraí agus le hOifig an Choimisinéara.

Is iad na cúraimí atá orm gníomhaíochtaí cumarsáide a cheapadh, a phleanáil agus a sheachadadh maidir leis an airgeadas miondíola agus digiteach, amhail preaseisiúintí, imeachtaí agus feachtais, pointí labhartha, athbhreithnithe preasa, nó ábhar dár nuachtlitir mhíosúil agus do na meáin shóisialta. Táim i gceannas freisin ar shuirbhéanna Eorabharaiméadair a chomhordú, is iad sin na pobalbhreitheanna atá dírithe ar shaoránaigh an Aontais, maidir le seirbhísí airgeadais don roinn. Ar deireadh, tá mé i mo chomhfhreagraí cumarsáide inmheánaí ag AS FISMA: Cuirim rannpháirtíocht na foirne chun cinn trí nuacht thábhachtach a scaipeadh, cruinnithe a eagrú don fhoireann iomlán agus bainistiú a dhéanamh ar ’FISMA TV’ s’againn féin!

Tá cúlra agam sa bheartas poiblí, sa dlí agus san eacnamaíocht, agus tá máistreacht agam i ngnóthaí Eorpacha. Roimhe seo, fuair mé taithí ar shaincheisteanna polaitiúla agus eacnamaíocha Eorpacha i státseirbhís agus i Seanad na Fraince, in ionadaíocht an Choimisiúin sa Ríocht Aontaithe, i roinn comórtais an Choimisiúin, agus i gcomhairleacht gnóthaí poiblí.