Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Carlos T. (An Coimisiún Eorpach)

Spreagúil go hintleachtúil, comhtháite agus gníomhach ó thaobh na sochaí de — sin iad na trí shainmhíniú uileghabhálacha a bheadh agamsa maidir le Lucsamburg agus maidir leis na deiseanna gan deireadh atá le fáil ann — bíodh sé sin go hacadúil nó go gairmiúil. In éineacht leis seo, is iomaí áit inar féidir leat tabhairt faoi ghníomhaíochtaí sóisialta den chéad scoth i ndiaidh na hoibre, in Grund agus in Clausen, áiteanna ina bhfuil éagsúlacht leathan de cheol agus rogha tábhairní le fáil. Tríd is tríd, mar a deirim i gcónaí mar mhagadh: ‘Ná tar go Lucsamburg. Ní hamháin go mbuailfidh tú le cairde nua a bheidh cosúil le daoine muinteartha duit, ach beidh am ar dóigh agat chomh maith. Mar sin, ná tar anseo! ?’