Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Agnieszka Wendel, cúntóir teanga in Aonad Aistriúcháin na Polainnise

Táim ag obair i Roinn na Polainnise in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (DGT) i Lucsamburg le 15 bliana anuas.

Rinne mé staidéar ar an bhFocleolaíocht Spáinnise agus ar an Léann Meiriceánach sa Pholainn, in Ollscoil Jagiellon. Sular thosaigh mé ag obair in DGT bhí mé i m’oifigeach i gConsalacht Mheiriceá i Kraków, agus theastaigh uaim leanúint ar aghaidh le mo shlí bheatha i dtimpeallacht idirnáisiúnta.

Is maith liom mo phost mar:

  • Braithim go bhfuil mé rannpháirteach i sochaí na hEorpa,
  • ní bhíonn sé leadránach riamh,
  • cuidíonn sé liom forbairt a dhéanamh mar ghairmí.

Is mór an sásamh dom a bheith ag obair in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin. Braithim go bhfuil tábhacht ag baint leis an obair a dhéanaim. Agus mé ag déileáil le fadhbanna laethúla agus saincheisteanna domhanda, is féidir liom a bhfuil i gceist leis an Aontas Eorpach dúinn ar fad a fheiceáil agus a thuiscint. Tugann post an chúntóra teanga a lán deiseanna dom toisc go mbíonn sé ag forbairt in éineacht leis an domhan. Nuair a thosaigh mé 15 bliana ó shin, is cineál eile oibre ar fad a bhí i gceist. Tháinig forbairt ar gach rud; scileanna, bogearraí, etc. Bhí an deis agam scileanna nua ríomhaireachta, Gearmáinis, agus Fraincis a fhoghlaim, agus mo chuid scileanna sóisialta a fhorbairt. Bhí deis agam freisin oibriú ar feadh cúpla mí i bParlaimint na hEorpa, rud a bhí ar cheann de na heispéiris ba spreagúla domsa.

Is é an dúshlán is mó domsa an saol gairmiúil agus an saol príobháideach a thabhairt le chéile. Is máthair shingil mé agus beirt leanaí óga agam, mar sin is mór agam gur féidir liom mo chuid ama oibre in DGT a eagrú (e.g. go páirtaimseartha) chun an saol a bhainistiú ar bhealach atá oiriúnach do gach duine.

Bhog mé go Lucsamburg in 2007 agus athrú mór a bhí ann domsa, mar gur fhág mé cathair mhór ina bhfuil cónaí ar bheagnach 1 mhilliún duine agus thug mé aghaidh ar phríomhchathair atá i bhfad níos lú. Chuir Lucsamburg fáilte romham leis an bhfearthainn, leis an trácht íseal agus leis an idirnáisiúnachas. Thaitin éifeachtúlacht an iompair phoiblí go mór liom, agus chuir sé go leor roghanna ar fáil dom chun an obair a bhaint amach go héasca agus in am, de ghnáth. Agus cónaí ort i Lucsamburg, osclófar d’intinn. Is féidir an iliomad teangacha a chloisteáil ar an tsráid, is féidir leat bualadh le daoine as gach cearn den Eoraip, agus braitheann tú go bhfuil tú rannpháirteach sa saol mór.

Cúntóir teanga in Aonad Aistriúcháin na Polainne sa Choimisiún Eorpach (Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin)