I gcomhréir leis na riachtanais a chuir institiúidí an Aontais Eorpaigh in iúl, tá EPSO ag ullmhú do na comórtais seo a leanas atá le foilsiú in 2026:
- Saineolaithe TF, 2 réimse (grád AD 8 - Intleacht Shaorga, Cibearshlándáil) - Meán Fómhair
- Saineolaithe bainistithe sonraí (grád AST) - mí agus dáta le deimhniú
- Dlítheangeolaithe don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach (grád AD) - mí agus dáta le deimhniú
- Dlítheangeolaithe do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach (grád AD) - mí agus dáta le deimhniú
Is é is dóichí go bhfoilseofar na comórtais seo a leanas in 2027 (mí agus dáta le deimhniú):
- Cúntóirí do chomhlacht parlaiminteach (grád AST)
- Dlíodóirí, 4 réimse (grád AD - Dlí na hiomaíochta, Dlí airgeadais, Dlí an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, Dlí fuinnimh)
- Dlíodóirí, 4 réimse (grád AD - Dlí na hIntleachta Saorga, Dlí coiriúil, Dlí soláthair, Dlíthíocht)
- Speisialtóirí ar ghnóthaí idirnáisiúnta (grád AD)
- Aistritheoirí (grád AD)
- Saineolaithe TFC, 3 réimse (grád AST - Bonneagar TF, Néalríomhaireacht agus líonraí, Forbairt bogearraí, Tacaíocht d’úsáideoirí)
- Cigirí núicléacha (grád AST)