Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Riarthóir (AD)

Déantar oifigigh bhuana de na hinstitiúidí Eorpacha a aicmiú i dtrí ghrúpa: Riarthóirí (AD), Cúntóirí (AST) agus Rúnaithe/Cléirigh (ASC-SC).  
Chun bheith i do Riarthóir (AD), ní mór dioplóma coláiste nó ollscoile a bheith agat agus ní mór comórtas EPSO a chur i gcrích go rathúil chun conradh fostaíochta neamhiata a fháil. 
Bíonn na riarthóirí – grád AD 5 go AD 16 – ag obair in earnálacha éagsúla amhail an ceartas, an dlí, an t-airgeadas, an trádáil, an comhshaol, acmhainní daonna, an chumarsáid, an t-aistriúchán, agus in earnálacha eile nach iad. Ar na dualgais a bhíonn orthu tá forbairt beartas, anailís, cúraimí rialála, caibidlíocht idirnáisiúnta, plé le geallsealbhóirí, agus athbhreithniú ar théacsanna dlíthiúla an Aontais Eorpaigh. 
Teastaíonn taithí ábhartha agus scileanna bainistíochta chun go roghnófar agus go n-earcófar ar ghrád AD níos airde thú.

Féach freisin na Ceisteanna Coitianta maidir le hoifigigh bhuana.