EPSO – athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfeitheoireacht uathoibrithe chun go mbeidh eispéireas níos fearr ag iarrthóirí
I mí Mheán Fómhair 2023, thug EPSO isteach feitheoireacht uathoibrithe le haghaidh a thrialacha ar líne. Tá EPSO tiomanta an t-eispéireas is fearr is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí agus iad ag tabhairt faoi na trialacha. Bhí an nuálaíocht sin i gcomhréir leis an sprioc sin. Is é an aidhm a bhí ann deireadh a chur le seiceálacha róchasta daoine agus le seiceálacha timpeallachta a bhaineann le trialacha ar a ndéantar feitheoireacht daonna. Le roinnt seachtainí anuas, tá a lán iarrthóirí tar éis teagmháil a dhéanamh linn chun ár n-aird a tharraingt ar dheacrachtaí teicniúla éagsúla a tháinig aníos agus iad ag tabhairt faoinár dtrialacha. Tá gach iarracht déanta ag EPSO chun na fadhbanna a tuairiscíodh a réiteach leis an gconraitheoir seachtrach a bhfuil sé de chúram air na trialacha a reáchtáil. Rinneadh roinnt feabhsuithe, ach níl go leor déanta chun go bhféadfaí a mheas go bhfuiltear i gcomhréir leis na caighdeáin riachtanacha.
Ar an gcúis sin, tá EPSO ag iarraidh sos sealadach a ghlacadh. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfeitheoireacht uathoibrithe agus féachaint ar réitigh eile a d’fhéadfadh a bheith ann chun eispéireas iarrthóra níos fearr a chinntiú amach anseo. Ní hionann sin agus a rá go n-éireoidh EPSO as na trialacha ar líne agus na buntáistí iomadúla a bhaineann leo. Is éard a chiallaíonn sé gur mian le EPSO ardán trialacha a chur ar fáil a chuireann eispéireas digiteach seasta ar fáil d’iarrthóirí. Is é an aidhm atá againn gur ar ábhar na dtrialacha a dhíreoidh iarrthóirí, agus ní ar an bhfabhtcheartú.
Tá sé beartaithe ag EPSO comórtas amháin eile a fhoilsiú le haghaidh cigirí núicléacha agus oifigigh bheartais an 19 Deireadh Fómhair 2023, agus ansin an cnaipe sosa a bhualadh go dtí deireadh na bliana ó thaobh comórtais oscailte a fhoilsiú de. Cuirfear na trialacha ar sos freisin go dtí go measfaidh EPSO go bhfuil na dálaí cearta ann chun trialacha a dhéanamh. Tabharfar tús áite do sheisiúin atástála le haghaidh na gcomórtas Eacnamaíochta agus Bainistithe Géarchéime, na hImirce agus na Slándála Inmheánaí. Deimhneofar dátaí chomh luath agus is féidir – is dócha go mbeidh roinnt athsceidealaithe ann. Ina theannta sin, reáchtálfaidh EPSO an dá sheisiún tástála CAST atá beartaithe do dheireadh na bliana seo.
Tuigimid go gcuirfidh an cinneadh seo isteach ar phleananna na ndaoine sin a bhfuil sé i gceist acu cur isteach ar chomórtas ginearálta AD5, mar shampla, rud nach bhfoilseofar an 9 Samhain 2023 anois mar a bhí beartaithe ar dtús. Tuigimid a oiread spéise a cuireadh sa chomórtas sin i ngach ceann de na 27 mBallstát. Ní cinneadh éasca a bhí ann. Tá EPSO tiomanta i gcónaí an méid sin a dhéanamh in 2024, faoi na dálaí cearta.
Mar is gnách, leanfaidh EPSO de nuashonrú a dhéanamh ar a shuíomh gréasáin agus ar a chuntais ar na meáin shóisialta agus cuirfear tuilleadh eolais leo faoi na pleananna atá le teacht.
EPSO, 16/10/2023