Comórtas na dTaighdeoirí Eolaíocha agus an Ceistneoir Gearrthéacs Réimse-shonrach (FRSTQ)
I gcomhthéacs Chomórtas do Thaighdeoirí Eolaíochta atá le teacht, a bhfuil sé beartaithe ag EPSO é a fhoilsiú an 5 Samhain 2024 (féach na Próisis roghnúcháin atá le teacht | EU Careers (europa.eu) chun tuilleadh sonraí a fháil), tabharfar cineál nua trialach isteach, is é sin an Ceistneoir Gearrthéacs Réimse-shonrach (FRSTQ).
Tá an triail seo ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar shaineolas réimse-shonrach an iarrthóra. Tá freagraí gonta taithí-bhunaithe a léiríonn eolas agus scileanna an iarrthóra ag teastáil chun na ceisteanna a fhreagairt.
Gheobhaidh na hiarrthóirí 10 gceist agus beidh 60 nóiméad acu chun an triail a chur i gcrích, agus teorainn 500 carachtar le gach freagra, spásanna san áireamh.
Faoi láthair, ní mheastar go mbeidh an triail sin ann ach amháin i gcomhthéacs an chomórtais seo. Mar sin féin, ní féidir le EPSO úsáid na trialach sin a chur as an áireamh le haghaidh comórtais eile amach anseo, más ábhartha.