Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Forléargas ar na socruithe is féidir a dhéanamh sna trialacha roghnúcháin

Tá forléargas á fhorbairt ag EPSO ar na socruithe réasúnta is féidir a dhéanamh sna trialacha roghnúcháin le haghaidh iarrthóirí faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais shonracha acu, iarrthóirí atá ag iompar nó a bhfuil leanbh ar a mbrollach acu, san áireamh.

Tá cur síos sa doiciméad seo ar conas a dhéanaimid socruithe réasúnta a shainiú agus tá gluais ann ina bhfuil léargas ar na socruithe is féidir a dhéanamh. I gcás gach cineáil cóiríochta, is féidir leat a fháil amach cad atá i gceist léi, cé na céimeanna trialacha agus na hionaid trialacha ag ar féidir í a fháil, agus cé a bheidh freagrach as an gcóiríocht a chur ar fáil.

Tá tuilleadh eolais faoi anseo.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil i ngluais na gcóiríochtaí ach gluais tháscach agus nach gluais uileghabhálach í. Is féidir leat socruithe eile a iarraidh i gcónaí bunaithe ar do riachtanais agus coinníollacha sonracha. Is doiciméad beo í an ghluais agus tabharfar cothrom le dáta í go rialta bunaithe ar an athrú a thagann ar réimse na socruithe réasúnta, ar iarrataí nua ar choigeartuithe sna trialacha roghnúcháin a chuirfidh ár n-iarrthóirí isteach agus ar na socruithe nua a thugtar dóibh.

An bhfuil tuilleadh eolais uait faoi bheartas comhionannais agus éagsúlachta EPSO? Tabhair cuairt ar ár leathanach gréasáin faoi chomhdheiseanna.

Féach an físeán atá againn faoi na socruithe réasúnta agus an fógrán céim ar chéim faoi conas socruithe speisialta a iarraidh sna trialacha roghnúcháin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn (epso-accessibility@ec.europa.eu).

Dáta nuashonraithe
23/11/2022 - 15:16