Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tá leaganacha nua de thrialacha samplacha scileanna réasúnaíochta á n-ullmhú ag EPSO

Tá EPSO ag obair le conraitheoir seachtrach nua anois. Ar an gcúis sin, ní féidir le EPSO leaganacha nua de thrialacha samplacha scileanna réasúnaíochta a chur ar fáil i ngach ceann de na 24 theanga go fóill. Tá EPSO ag obair faoi láthair ar na trialacha samplacha sin a chruthú i bhformáid shimplithe, mar réiteach sealadach. Foilseofar iad ar ár suíomh gréasáin a luaithe a bheidh siad ar fáil. Go raibh maith agat as ucht do thuisceana. Idir an dá linn, féach leat an quiz seo ina bhfuil 21 cheist shamplacha san iomlán (i mBéarla) maidir leis na catagóirí réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí, chomh maith le heolas ar an Aontas Eorpach agus scileanna digiteacha. Tabharfaidh sé sin deis duit eolas a chur ar na cineálacha ceisteanna a d’fhéadfá a fháil i bpróisis roghnúcháin EPSO.

Nuashonrú an 24 Bealtaine 2024: tá trialacha samplacha cognaíocha (trialacha roghnúcháin scileanna réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí) ar fáil cheana féin ar ár suíomh gréasáin i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis do chomórtais AD (Riarthóirí), agus i mBéarla agus i bhFraincis do chomórtais AST (Cúntóirí). Tá súil ag EPSO go mbeidh trialacha samplacha cognaíocha ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2024.

Dáta nuashonraithe
28/05/2024 - 14:19