Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas do phróifíl agus do CV a shocrú

how to apply
Conas do phróifíl a shocrú 

Tá do shonraí pearsanta agus do shonraí teagmhála i do phróifíl cheana féin.

TÁBHACHTACH: Ní mór na sonraí pearsanta i do phróifíl (do shloinne, do chéadainm agus do dháta breithe) a bheith comhionann leis na sonraí pearsanta ar do dhoiciméad aitheantais ar a bhfuil do ghrianghraf (cárta aitheantais nó pas). Má tá níos mó ná sloinne nó céadainm amháin ar do dhoiciméad aitheantais, ní mór duit gach ceann acu a lua.

 

An gá duit do shonraí pearsanta a athrú i do phróifíl? 

Is féidir leat do sonraí pearsanta a athrú tú féin i do phróifíl. Mar sin féin, más mian leat do shloinne, do shloinne tráth do bhreithe, do chéadainm, do sheoladh ríomhphoist, do náisiúntacht/náisiúntachtaí, nó do dháta breithe a athrú, ní mór duit iarratas a chur isteach tríd an nasc ‘Iarraidh a dhéanamh do chuid sonraí pearsanta a nuashonrú’.

Fíor 1

foirm phróifíle

 

Chomh maith le do shonraí pearsanta, feicfidh tú i do phróifíl roinnt socruithe a bhaineann le do chuntas iarrthóra ar nós teanga agus dáta agus formáid ama do chuntais. Tabhair do d’aire má athraíonn tú teanga do chuntais, ní athraíonn sé sin na teangacha a roghnaigh tú i d’iarratas/iarratais.

Ní gá duit aon phictiúr díot a uaslódáil.

Tá an t-eolas seo a leanas éigeantach sular féidir leat iarratas a dhéanamh ar chomórtas: An leibhéal is airde oideachais atá agat, an áit/na háiteanna ina bhfuil tú toilteanach a bheith ag obair, eolas ar do staid fostaíochta faoi láthair. Líon isteach an t-eolas sin agus sábháil na sonraí chun do phróifíl a chur i gcrích.

Fíor 2.

sainroghanna feidhmchláir
Conas do CV a chruthú

Ó leathanach baile na Tairsí, ag barr an mheirge ar ‘Mo Chuntas’, is féidir leat cliceáil ar ‘Mo CV’ agus is féidir leat an méid seo a leanas a chur leis/a chur in eagar/a scriosadh:

  • taithí oibre.
  • oideachas agus oiliúint.
  • scileanna teanga.

Léigh an t-eolas tábhachtach seo a leanas sula dtosaíonn tú ag cruthú do CV.

  • Is féidir an CV a líonadh isteach in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
  • Cliceáil ar an gcnaipe ‘Sábháil’ ag deireadh na foirme gach uair a chuireann tú taifead le do CV. Is féidir leat do CV a nuashonrú am ar bith.
  • Cinntigh go bhfuil do CV ar líne cothrom le dáta nuair a dhéanann tú iarratas. Má nuashonraíonn tú do CV tar éis duit d’iarratas a chur isteach agus gur fearr leat na hathruithe sin a fheiceáil i d’iarratas, ní mór duit d’iarratas a chur isteach arís. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin sula mbeidh an sprioc-am le hiarratais a dhéanamh thart.
  • Tá an t-eolas éigeantach marcáilte le réiltín (*). Ní féidir leat na réimsí sin a fhágáil folamh. Má tá réimsí i do CV agus/nó i d’iarratas folamh, ní bheidh tú in ann d’iarratas a chur isteach. Tá liosta de na réimsí nach mór a líonadh isteach le fáil ag bun do CV/do leathanach iarratais (‘Eolas riachtanach’).
  • I gcodanna éagsúla de do CV, is féidir leat naisc chuig leathanaigh ghréasáin a chur leis. Cliceáil ar shiombail an ghlais chun é a oscailt, cuir isteach an nasc agus dún an glas arís.

                

D’iarrthóirí atá ag obair cheana féin d’institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus a bhfuil rochtain acu ar SYSPER, agus dóibh siúd amháin: Is féidir leat do thaithí ó SYSPER a chóipeáil agus a ghreamú isteach i do CV nua. Tabhair do d’aire nach mór doiciméad a bheith ag tacú le gach taithí, agus an taithí in SYSPER san áireamh.

Fíor 3

FOIRM AN CV

Conas taithí oibre a chur leis

Má chliceálann tú ar ‘Cuir leis Taithí Oibre’, osclófar iontráil nua inar féidir leat sonraí faoi do thaithí ghairmiúil a chur isteach, mar shampla, dáta tosaigh agus dáta deiridh na fostaíochta, sonraí d’fhostóra, an suíomh, cur síos ar do chúraimí, etc.

Tabhair do d’aire gur cheart duit i gcónaí doiciméad tacaíochta amháin ar a laghad a chur i gceangal leis trí chliceáil ar shiombail an fháiscín páipéir sa chúinne ar dheis ag barr gach iontrála taithí oibre (féach na Ceisteanna Coitianta). Ní chuirtear san áireamh an taithí oibre nach bhfuil doiciméad ag gabháil leo.

 

Fíor 4.

sonraí taithí oibre le cur isteach

Fíor 5.

sonraí oibre le cur isteach

Conas eolas faoi oideachas agus oiliúint a chur leis 

Má chliceálann tú ar ‘Cuir leis Oideachas agus Oiliúint’, beidh tú in ann eolas a chur isteach faoi d’oideachas (e.g. an staidéar atá déanta agat) agus aon oiliúint shonrach, mar shampla teideal do dhioplóma/cáilíochta, an eagraíocht a bhronnann an dioplóma, an seoladh, an leibhéal cáilíochta a baineadh amach, etc.  

Tabhair do d’aire gur cheart duit i gcónaí doiciméad tacaíochta amháin ar a laghad a chur i gceangal leis trí chliceáil ar shiombail an fháiscín páipéir sa chúinne ar dheis ag barr gach iontrála oideachais agus oiliúna (féach na Ceisteanna Coitianta). Ní chuirtear san áireamh oideachas ná oiliúint nach bhfuil doiciméad ag gabháil leo. 

 
 Fíor 6.

sonraí oideachais le cur isteach

  Fíor 7.

sonraí oideachais le cur isteach 

Conas scileanna teanga a chur leis

Cliceáil ar ‘Cuir leis Scileanna Teanga’ chun do scileanna teanga agus an leibhéal a labhraíonn tú, a scríobhann agus a léann tú a chur leis. Is féidir leat na teangacha uile a bhfuil eolas éigin agat orthu a chur leis. Ná déan dearmad do phríomhtheanga/do mháthairtheanga a chur isteach.

Go ginearálta, ní theastaíonn aon doiciméid tacaíochta mar chruthúnas ar do scileanna teanga. 
Féach an fógra comórtais le haghaidh eisceachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann (e.g. comórtais le haghaidh próifílí teanga).

 

Fíor 8.

foirm scileanna teanga

 

Conas doiciméid tacaíochta a chur leis

Cliceáil ar dheilbhín na fháiscín páipéir (féach Fíor 2 agus Fíor 4) ag gach iontráil sna rannáin ‘Taithí Oibre’ agus ‘Oideachas’ agus uaslódáil do dhoiciméid tacaíochta faoin sprioc-am atá luaite san Fhógra Comórtais ar a dhéanaí. Tabhair do d’aire nach mór na doiciméid a uaslódáil faoi ‘Mo chuntas’/‘Mo CV’, NÍ san iarratas féin.
Tá réimse sonrach á fhorbairt faoi láthair ag na seirbhísí TF chun cóip de do chárta aitheantais/pas a uaslódáil.
Idir an dá linn, ba cheart d’iarrthóirí cóip dá gcárta aitheantais/pas a uaslódáil i roinn eile dá CV, mar shampla an rannán Oideachais agus Oiliúint. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach anseo: Cé na doiciméid tacaíochta ba cheart dom a chur ar fáil?