Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cad is ‘cuóta’ ann?

Tugtar cuóta ar leith do gach institiúid i dtaca leis an líon iarrthóirí ar éirigh leo is féidir leis an institiúid sin a earcú ón bpainéal. Níl teacht ar na cuótaí sin ach ag EPSO agus ag institiúidí an Aontais Eorpaigh. 

Is léiriú iad na cuótaí ar riachtanais earcaíochta institiúide nó institiúidí ar leith i dtréimhse ar leith. 

Chun go mbeidh institiúid eile in ann duine a earcú le linn na tréimhse ina bhfuil cuóta(í) i bhfeidhm, caithfidh an institiúid/na hinstitiúidí lena mbaineann údarú a thabhairt. 

Is iondúil go gcuirtear i leataobh an cuóta trí mhí (i gcás ginearálaithe) nó sé mhí (i gcás roinnt comórtais do speisialtóirí) tar éis fhoilsiú an phainéil, sin nó is féidir síneadh a chur leis an gcuóta ach údarú na hinstitiúide/na n-institiúidí lena mbaineann a fháil.

Níl baint ag EPSO leis an gcinneadh an cuóta a chur i leataobh, ach cuirimid na hiarrthóirí ar an eolas ar leathanach gréasáin an chomórtais a luaithe a dhéanfaidh na hinstitiúidí earcaíochta an cinneadh sin.